Ceol úr le cluinstin ó Neil Ó Briain
Is ceoltóir ó Chorcaigh é Neil Ó Briain a sheineann ar an ghiotár. Tá Albam úr Neil ag teacht amach ar an 20 Samhain 2021 agus bhuail Meon Eile leis le fáil amach cad é a bheas le cluinstin ar an albam.
Tá stíl ar leith ag Neil ar an ghiotár darb ainm, ‘méarstíl’, stíl a bhfuil léir mór cleachtadh agus scil ag baint leis. Bhí tionchar mór ag leithidí Steve Cooney agus Tony Mc Manus air agus é ag dul don stíl seo.
Tá albam úr Neil, ‘Achar’, ag teacht amach ar an 20 Samhain agus tá sé ag súil lena chuid ceoil a roinnt leis an phobal go luath. Is féidir teacht ar cheol Neil anseo.