Tá sé deimhnithe ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil in Éirinn i ndiaidh do Tuairisc.ie fiosrú a dhéanamh leo faoi chás inar dúradh le hoibrí deonach gan labhairt le páiste i nGaeilge.
Bhain an cás sin le páiste a bhí i mbun cainte i nGaeilge le hoibrí deonach de chuid Childline nuair a dúradh leis an oibrí iompú ar an Bhéarla.
Nuair a bhí an comhrá thart, mhol duine d’fhoireann Childline, an líne chabhrach do dhaoine óga atá buartha nó i gcontúirt, don oibrí deonach gan Gaeilge a labhairt le páistí a ghlaonn ar an tseirbhís tacaíochta.
I ráiteas a chuir Childline ar fáil maidir leis an scéal, dúradh nach mbítear ag súil go labhródh a gcuid oibrithe deonacha aon teanga eile seachas Béarla.
“Cuirtear oiliúint chuimsitheach ar fáil d’oibrithe deonacha Childline sula mbíonn siad ag caint le páistí agus níl an dátheangachas ar cheann de na rudaí a iarraimid ar dhaoine a chuireann am ar fáil dúinn le cuidiú linn an tseirbhís seo a chur ar fáil,” a dúradh sa ráiteas.
Nuair a chuir Tuairisc.ie ceist ar Childline an raibh sé mar pholasaí ag an eagraíocht gan cead a thabhairt dá gcuid oibrithe deonacha Gaeilge a labhairt, dúradh nach raibh aon pholasaí acu faoi labhairt na Gaeilge nó “aon teanga eile” ach gurb é “an Béarla an teanga ina gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil do pháistí”.
“Is é nádúir na seirbhíse i Childline gur i mBéarla amháin a labhraítear le páistí.
“Tá go leor cúiseanna leis sin, lena n-áirítear an tseirbhís chéanna a chur ar fáil do gach páiste agus gach duine óg agus cosaint a thabhairt do pháistí.
“Tá sé an-tábhachtach dúinne ag Childline go bhfuil fáil ag gach páiste agus duine óg ar ár gcuid seirbhísí aon am den lá nó den oíche agus go dtabharfaí éisteacht is tacaíocht dóibh agus go gcreidtear iad,” a dúradh i ráiteas Childline.