Deir an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil amhras air maidir lena dháiríre faoi Éirinn Aontaithe is atá daoine a bhíonn ag caint faoi cad a tharlódh do stádas bunreachtúil na Gaeilge, don bhratach náisiúnta agus d’Amhrán na bhFiann dá ndéanfaí an tír a athaontú.
Agus é faoi agallamh ar 7Lá ar TG4 aréir, dúirt an Taoiseach nach raibh “mórán substainte” ag baint leis an bplé faoi cheisteanna dá leithéid.
Cuireadh ceist ar an Taoiseach ar aontaigh sé le tuairim an Tánaiste Leo Varadkar go mbeadh gá machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge, an t-amhrán náisiúnta agus an brat náisiúnta a athrú sa chás go mbeadh Éire Aontaithe ann.
“An rud is tábhachtaí ná go mbeadh daoine sásta déileáil le chéile…Na bunrudaí ná cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais. Agus ansin is féidir teacht le chéile [faoi] na rudaí [eile] sin. Beidh sé sin i bhfad níos éasca i ndeireadh na dála.
“Caithfidh mé a rá, nuair a fhéachaim ar na ceisteanna sin agus daoine ag caint faoi ‘anthems’ agus bratacha, an bhfuil siad i ndáiríre faoin gceist?”
Dúirt an Taoiseach gur poblachtánach i dtraidisiún Wolfe Tone é féin agus go raibh sé ar son phobal na hÉireann a bheith aontaithe.
Dúirt sé go raibh sé níos éasca a bheith ag caint faoi Éirinn Aontaithe ná é a bhaint amach.
Chuir sé i leith Shinn Féin go mbíonn “an iomarca béime” acu ar fheachtais agus ar mhanaí.
Dúirt sé go raibh roinnt daoine ann faoi láthair agus gur manaí a bhíonn i gcónaí acu agus manaí agus go raibh sé “bréan díobh”.