Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘an-tuirc’-le-hathbhrandail-faoi-ainm-duchais-na-tire

‘An Tuirc’ le hathbhrandáil faoi ainm dúchais na tíre

Is ait an t-ainmhí é an turcaí – ainmhí is ea é a shamhlaítear le tíortha éagsúla ar fud an domhain, ag brath ar an teangain dá dtagraímid. Díreach isteach ó ‘turkey’ an Bhéarla a tháinig ‘turcaí’ na Gaeilge chughainn, agus is é is cúis leis sin ná go raibh turcaithe fiáine le feiscint ag coilínigh na hEorpa nuair a bhaineadar Meiriceá Thuaidh amach agus gur cheapadar gur guinithe iad. Éan is ea an ghuine a tháinig chun na hEorpa ón Impireacht Otamánach, .i., an Tuirc, an chéad lá, a deirtear. 

‘Cearc Fhrancach’ a thugtar as Gaeilge uaireanta ar an turcaí, agus ‘dinde’ a thugtar ar an ainmhí céanna as Fraincis – ‘ón India’ an tsanasaíocht a bhaineann leis an leagan Fraincise sin. Agus sa Tuircis féin, is ‘hindi’ atá air, ar tagairt arís atá ann don India. ‘Peru’ a thugtar ar an ainmhí céanna as Portaingéilis, amhail an tír úd ar chósta thiar Mheiriceá Theas. Ba dhóigh leat mar sin ná fuil aon phobal teangan sásta freagracht a ghlacadh as an turcaí bocht, cé go mbeidh cuid mhaith dínn ag alpadh siar slisíní míne de i gceann deich lá eile agus ar feadh seachtain ina dhiaidh sin!

Is beag an baol go mbeidh aon fheoil turcaí á hithe i dtír Mhoslamach na Tuirce áfach. Agus anuas air sin, gan éan den sórt sin a bheith dúchasach do thalamh na tíre a iompraíonn a ainm, is cosúil anois go bhfuil an Tuirc i mbun ainm oifigiúil idirnáisiúnta na tíre a athrú ó ‘Turkey’, agus ó na leaganacha áitiúla i dteangacha eile, go dtí ainm na tíre sa Tuircis féin: ‘Türkiye’. 

Uachtarán Türkiye, Recep Tayyip Erdogan, chuir sé teachtaireacht amach níos luaithe sa mhí leis an athrú ainmníoch sin a mhíniú. Níor thug sé le fios go raibh aon bhaint ag an éan ar a dtugtar an turcaí leis an gcinneadh, ach gur fearr, a dúirt sé, mar a chuirtear in iúl ‘cultúr, sibhialtacht agus luacha an náisiúin Thurcaigh’ trí ainm dúchais na tíre a rá. Iarrtar ar stáit eile anois cloí le rogha na dTurcach ar an gceist seo.

Dar ndó, ní hannamh a chuimhníonn tír ar a leithéid de chleas. Agus ní gá ár n-aird a tharraingt ó cheantar na hEuráise chun teacht ar a thuilleadh samplaí den rud céanna atá i gceist agam. Is fada ó chuir muintir na hIaráine an t-athrú ón ‘bPeirs’ go dtí ‘an Iaráin’ i gcrích mar shampla, agus tá an Chasacstáin le blianta ag bagairt a hainm a athrú go ‘Kazakh Yeli’ – mar gheall, is dócha, ar an damáiste a dhein Sasha Baron Cohen do cháil an náisiúin trína thogra scigaithrise ar ar bhaist sé ‘Borat’.

Athbhrandáil ar an íomhá náisiúnta a bhíonn i gceist lena leithéid de ghnáth. Athbhrandáil ba chúis leis an gcinneadh a dhein chéaduachtarán Türkiye darbh ainm Mustafa Kemal Atatürk maidir leis an Tuircis a scríobh sa script Laidineach seachas sa script Arabach, agus le focail iasachta a thógaint ón bhFraincis seachas ón bPeirsis. 

Athbhrandáil ab ea í sin, dar le Atatürk, lena léireofaí gur chuid den Iarthar í Türkiye. Meabhraítear dom an radharc san ó na Simpsons, agus teaghlach úd Springfield ar thuras chun na Tansáine. Tagann fógra ón aeróstach nuair atáthar ar tí tuirlingt: “Please prepare for our landing in Tanzania. I’m sorry, it is now called New Zanzibar. Excuse me, it is now called Pepsi Presents New Zanzibar”.

Cuireann san ar fad ag cuimhneamh a thuilleadh mé. Ba nós leis na meáin Bhriotanacha trácht ar ‘Éire’ seachas ‘Republic of Ireland’ timpeall fiche bliain ó shin, i gcúrsaí spóirt go mór mhór. Chuireadh a leithéid an gomh dearg ar m’athair féin, ar phoblachtánach náisiúnaíoch go smior é, agus ní thuiginn go deo cén milleán a bhí aige ar ainm dúchais na hÉireann a chlos as Gaeilge, agus rud is mó ná san, gur chosúil gur chuma leis “Southern Ireland” a chlos. An amhlaidh go raibh ‘Éire’ rónaofa d’fhocal lena chlos ó bhéal Sasanach? Cá bhfios! Ach féach gur in Türkiye anois a mhaireann m’athairse.

Níos mó