Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
bille-teanga-‘nios-laidre’-ann-agus-deireadh-lena-phle-sa-seanad

Bille Teanga ‘níos láidre’ ann agus deireadh lena phlé sa Seanad

| Tuairisc.ie | , ,

Glacadh sa Seanad inniu le leasuithe ar an reachtaíocht teanga a chuirfeadh dualgas dlí ar gach seirbhíseach poiblí seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht amach anseo.

Diúltaíodh, áfach, do leasú a chuirfeadh spriocdháta cinnte leis an gcuspóir i leith seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Deich mbliana ó tosaíodh an plé ar Acht na dTeangacha Oifigiúla tháinig deireadh leis an bplé faoi bhille teanga nua sa Seanad inniu agus rithfear an tseachtain seo chugainn é.

Nuair a bheidh na leasuithe a rinneadh sa Seanad luaite sa Dáil an tseachtain seo chugainn, rachaidh sé as sin go dtí Áras an Uachtaráin, mar a gcuirfidh Uachtarán na hÉireann a lámh leis.

14 leasú a bhí molta sa Seanad inniu, seacht gcinn ón Rialtas agus seacht gcinn ón bhfreasúra.

Glacadh le seacht gcinn an Rialtais agus dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh beart de réir a bhriathair déanta aige i dtaobh na reachtaíochta.

“Gheall mé anuraidh go gcuirfeadh mé bille níos láidre chun cinn, rud atá déanta agam,” arsa an tAire Stáit.

Chuir an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee agus an Seanadóir de chuid Fhine Gael, Seán Kyne, fáilte roimh an mbille. Dúirt Niall Ó Donnghaile, an Seanadóir de chuid Shinn Féin, gur bille “i bhfad níos fearr” a bhí ann seachas mar a bhí nuair a tosaíodh ar an bplé i dTithe an Oireachtais ach gur “trua” nár éirigh leis an Seanad é “a neartú tuilleadh”.

“An rud is tábhachtaí anois go gcuirfí i bhfeidhm é go fiúntach, go héifeachtach agus go gasta,” arsa an Seanadóir Ó Donnghaile.

D’fhágfadh an leasú is suntasaí i measc na leasuithe is déanaí go mbeadh ar sheirbhísigh phoiblí taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.

D’fhágfadh sin go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag seirbhísigh phoiblí amhail Gardaí, tiománaithe bus, fir agus mná poist, cigirí talmhaíochta agus lucht leighis atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht ach a bhíonn ar dualgas taobh istigh di.

Bhí amhras ann roimhe seo go raibh neamhaird déanta sa Bhille Teanga nua ar chás na seirbhíseach poiblí a bhíonn lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht ach a bhíonn ar dualgas laistigh di.

Dhiúltaigh an tAire Stáit do leasú eile ar an bhforáil don Ghaeltacht sa Bhille. De réir an leasaithe sin, a mhol Seanadóirí Shinn Féin agus an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, bheadh ar eagraíochtaí stáit gach seirbhís stáit a chur ar fáil i nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030. Níl a leithéid de sprioc sa Bhille faoi láthair i gcás na Gaeltachta, cé go bhfuil an spriocdháta sin luaite le príomhchuspóir an bhille – gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí.

Chuir an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile fáilte roimh an leasú ar an bhforáil Ghaeltachta ach dúirt go raibh sé “riachtanach” go gcuirfí spriocdháta leis. Ní bheadh, a dúirt sé, “solúbthacht” ag teastáil ón Rialtas dá mbeidís dáiríre faoi sheirbhísí Gaeilge a chinntiú don Ghaeltacht 100 bliain ó bhunú an Stáit.

 Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta “go mba dheas an rud é” go mbeadh spriocdháta do sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht luaite sa bhille ach go gcaithfí “fianaise” a fháil le tacú lena leithéid. Bhaileodh an coiste comhairleach nua atá le bunú faoin mbille an fhianaise sin, a mhaígh sé, agus leagfaí spriocdháta síos ansin

Dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile gur údar díomá dó nár glacadh le cuid de mholtaí an fhreasúra a bhí “thar a bheith réasúnta”.

Chuir an Seanadóir de chuid Fhine Gael Seán Kyne i leith Shinn Féin go raibh “polaitíocht á himirt acu” agus go raibh leasuithe a bhí pléite cheana agus ar diúltaíodh cheana iad á gcur chun cinn arís acu.

Dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile gur “ábhar polaitiúil” a bhí i gceist nuair a bhí an Rialtas ag diúltú do mholtaí a dhéanfadh leas na teanga.

An Seanadóir de chuid Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile, sa Seanad inniu

Chomh maith leis an leasú a bhaineann le seirbhísí sa Ghaeltacht, glacadh le leasú eile inniu maidir le feiceálacht na Gaeilge sa chumarsáid a dhéanann an stát leis an bpobal.

De réir an leasaithe, nuair a bheadh eolas á scaipeadh ag an stát ar an bpobal, ní bheadh sé ceadaithe an cló i nGaeilge a dhéanamh níos lú ná an cló Béarla agus chaithfeadh an téacs Gaeilge a bheith ar a laghad chomh feiceálach agus chomh hinléite leis an téacs Béarla.

Chuirfeadh an leasú stop le heagraíochtaí stáit an téacs i nGaeilge a dhéanamh níos lú ná an Béarla chun eolas a bhrú isteach ar bhileoga nó i gcumarsáid eile.

Mhol Seanadóirí Shinn Féin go dtabharfaí tús áite don Ghaeilge ar an mBéarla chomh maith, ach níor glacadh leis an leasú sin.

Tugtar soiléiriú i leasú eile de chuid an Rialtais ar glacadh leis inniu faoina bhfuil geallta faoi chúrsaí fógraíochta sa Bhille.

Aontaíodh roimhe seo go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge agus 5% a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Soiléirítear sa leasú is déanaí gur 5% de bhuiséad fógraíochta na heagraíochta don bhliain a bheadh i gceist.

Níos mó