Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
mianliosta-mic-leinn-–-moltai-bronntanas

Mianliosta mic léinn – moltaí bronntanas

| aifric ni scolai | ,

Anois ní ag cuimhneamh orm féin atá mé agus an liosta seo á scríobh agam ar mhac léinn éigin eile, cur i gcás, atá ag maireachtáil ar Phot Noodles agus atá faoi dhianstrus, ag seoladh isteach a gcuid tascanna ollscoile nóiméad roimh an sprioc. 

Arís, ní mé féin atá i gceist. 

Seo liosta earraí, idir Ghaelach agus Éireannach, le tabhairt don mhac léinn bocht i do shaol a chuirfidh meangadh gáire ar a n-aghaidh agus a úsáidfidh siad arís agus arís eile

Mála canbháis

Ní fheicfidh tú mac léinn riamh gan mála canbháis ag luascadh dá ghualainn aige. Cur lena mbailiúchán trí cheann nua a cheannacht ó:

Bean an Tees

Éilís Cosgrove Designs

Design Wright

Mála droma

Ar an lámh eile, cé go bhfuil na málaí canbháis go hálainn, ní dhéanann siad aon mhaitheas don droim. Ceannaigh mála droma breá láidir do do mhac léinn agus beidh siad fíorbhuíoch. Déan cinnte go bhfuil sé sách mór dá gcuid leabhar/ríomhaire/iPad – seo ceann déanta don chás sin. 

Nó dá mb’fhearr leat cloí le vibe an mhála canbháis, tá ceanna deasa anseo a bhfuil píosaí ealaíne clóite orthu nach mbrisfidh an banc, ná an droim ach an oiread.

Dialann

Go gairid i ndiaidh na Nollag, tagann Oíche Chinn Bhliana agus leis sin, rúin na hAthbhliana. Tug cúnamh do do mhac léinn bocht a dhéanann geallúint gan chomhlíonadh chuile bhliain go mbeidh siad eagraithe an bhliain seo chugainn. Tá a fhios ag chuile dhuine gurb é an bealach is fearr le bheith níos eagraithe ná a bheith in ann liostaí a dhéanamh! 

Tá dialann bliana i nGaeilge le fáil ó Connect The Dots nó más fearr leat leabhar nótaí gan línte air, tá réimse álainn ag Míreog.

Coinnle

Deacair a ghabháil mícheart le coinneal. Cruthaíonn siad atmaisféar suaimhneach, bíonn boladh deas uathu, cuma dheas orthu agus iompóidh siad lóistín beag cúng craptha an mhic léinn isteach ina áit bheag the theolaí. 

Tá ceanna ag lámhdhéanta ar fáil ar gealach.ie. 

Fuair mé cuid dom féin an samhradh seo caite agus tá siad thar barr.

Le dul leis an gcoinneal sin, tug lastóir ‘I don’t smoke’ ó eeerings dóibh, bronntanas a bheas díreach ceart don ócáid. 

Rud ar bith a bhaineann le caife

Caitheann muid (mar mhic léinn) fortún ar chaife. Tá seit iomlán ag caife.ie don té ar breá leo caife. 

Más rud éigin níos lú atá á lorg agat, ní ghabhfadh tú amú le muigín caife le breith leat  
Mo léan ní raibh mé in ann theacht ar cheann ar bith a raibh Gaeilge air, ach tá ceanna ar an suíomh seo de dheantús na hÉireann agus réimse breá dathanna leis. 

Earraí don chraiceann

Leis an méid a bhíonn ag dul ar aghaidh sa gcoláiste amantaí bíonn sé deacair am a ghlacadh le haire a thabhairt do do chraiceann nó an t-airgead a a chur ar leataobh le stuif maith a cheannacht duit féin. Fuair mise samplaí d’earraí Pestle & Mortar anuraidh agus thaitin siad go mór liom – tá mé á santú ó shin! Tá lascaine faoi láthair acu agus is fiú chuile phingin iad.

Ach don mhac léinn ollscoile seo atá ag filleadh ar an mbaile den chéad uair ó mhí Lúnasa, is é an bronntanas is fearr an dinnéar breá Gaelach a leagfar os mo chomhair an tráthnóna a thagaim abhaile. Agus an fry. Agus an mharóg Nollag. 

(An mó dúil atá agam i mo bholg ná mo thuismitheoirí a fheiceáil arís? Níl sé chomh fada sin ó shin ó chonaic mé iad).

Níos mó