Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Níl imdhíonacht iomlán ag Boris Johnson

| Dáithí Anraí |
Ciarán Ó Pronntaigh

Chuaigh na chéad daoine a raibh Omicron orthu isteach san otharlann ag an deireadh seachtaine. Beidh le feiceáil an mbeidh drochbhail ar mhórán acu nó an éalóidh an chuid is mó acu ó dhrochshiomptóim. Tá tuairiscí ann ón Afraic Theas nach bhfuil na siomptóim, ar an mheán, chomh holc le Delta. Ach ní thig le duine ar bith talamh slán a dhéanamh de sin go fóill agus táimid fós ag fanacht go neirbhíseach ar na torthaí.

Thig linn a bheith cinnte faoi rud amháin, áfach, agus is sin go bhfuil ráta tógála Omicron i bhfad níos airde ná athraitheach Delta, rud atá ag cur imní ar shaineolaithe leighis anseo agus ar fud an domhain. In éadan a chos, b’éigean do Johnson Plean B a thabhairt isteach.

Bhí mise óg go leor nuair a fuair Mrs T bata agus bóthar. Shíl mé go raibh mé ag leanúint gach cor sa scéal ag an am agus fiú nuair a labhair Geoffrey Howe ina héadan in Westminster, níor shíl mé mórán de. Ach bhí cleas le foghlaim againn ó na Tóraithe – is cuma cad é a rinne tú ar son an pháirtí ná glac leis go mbeidh tú i gcumhacht i gcónaí. An chéad uair a shíl fir na gcultacha liatha go mbeadh Thatcher ina fadhb thoghchánaíochta, fuair siad réitithe di.

N’fheadar an bhfuil Johnson ag an phointe sin go fóill? Mura bhfuil, níl sé i bhfad uaidh. Scannal sa mhullach ar scannal faoin rialtas a bhí ag teacht ó na meáin le coicís nó mar sin. Taobh amuigh den chaimiléireacht a bhaineann le conarthaí a thabhairt dá gcuid cairde agus le hathdheisiú árasán Johnson i Sráid Downing, bhí an dul siar ar gheallúintí, le HS2 agus cúram sóisialta, agus saontacht den chéad ghrád le scéal Owen Patterson. Cé gur chuir na rudaí seo fearg agus náire ar fheisirí Johnson, d’aithin an chuid is mó acu gur gá dóibh seasamh le chéile agus d’imeodh an smál le sruth. Tá móramh mór againn agus go leor ama go dtí an chéad olltoghchán eile, a shíl siad.

Ach an rabharta d’fhianaise gur scaoil lucht an rialtais na srianta dóibh féin ag am a raibh dianghlasáil an-dian ar siúl sa tír anuraidh, chuir sin olc ar na vótálaithe agus sin an fáth a bhfuil na vótaí ag imeacht ón pháirtí. Bhí pobalbhreith ar an Observer, Dé Domhnaigh, a léirigh go raibh Páirtí an Lucht Oibre 9 bpointe faoin chéad chun cinn ar na Tóraithe. Thairis sin, áfach, shíl 57% den phobal gur chóir do Johnson éirí as.

Is cosúil nach miste le daoine fimíneacht, a fhad is go mbíonn siad féin le leas a bhaint aisti. Ach nuair a mhothaíonn daoine gurb iad féin atá thíos leis agus nuair a éisteann siad le Johnson ag iarraidh an leann dubh a chur ina fhíon geal orthu maidir le cóisirí, beidh deireadh foighde ann. Cheana féin, tá feisirí Coimeádacha áirithe ag caint ar athrú ceannaire agus cinn eile ag rá go bhfuil gá le hathrú treorach sa rialtas. Ach an bhfuil athrú indéanta ag ceannaire a cheannaigh a bhealach isteach i gcumhacht trí gheallúintí nach féidir a chomhlánú? Ní thig leis ionracas a cheannach isteach, ná cumas ach oiread.

Cibé rud a thiteann amach anois do Johnson, tá baol ann go mbeidh srian ar an rialtas i Londain agus iad ag dul i ngleic le Omicron. Tá an bhéim uilig ar an vacsaín agus ar mhaisc. Tá pasanna COVID de dhíth anois le dul isteach i gclubanna oíche agus ionaid ollmhóra ach ní bheidh sé de dhíth sa teach tábhairne, an áit is mó a mbeidh daoine ar ragairne. Agus cén dóigh a dtiocfadh leis cosc a chur ar chóisirí agus an riail sin briste ag an rialtas roinnt mhór uaireanta anuraidh?

B’fhéidir go dtiocfadh le Johnson cúrsaí a shíothlú dá mbeadh an Nollaig níos cóngaraí ach níl deireadh le trioblóidí an Phríomh-aire fós. Tá cúpla vóta tábhachtach le teacht an tseachtain seo, an vóta in Westminster ar Phlean B agus fothoghchán Shropshire Thuaidh. Suíochán ‘slán’ do na Tóraithe a bhí in Shropshire Thuaidh, iarshuíochán Owen Patterson, ach tá seans an-mhaith ag na Daonlathaithe Liobrálacha anois eang a chur sa mhaide mhullaigh. Agus tá tuilleadh agus 60 feisire Coimeádach ag rá nach vótálfaidh siad leis an rialtas sa vóta ar Phlean B. Bhéarfaidh an dá vóta seo léargas dúinn ar cá fhad a mhairfidh réimeas Johnson.

Níos mó