Beidh Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh i measc na gcontaetha is measa a bheidh buailte ag Stoirm Barra amárach agus beidh foláireamh dearg stoirme i bhfeidhm i gCiarraí.
D’fhéadfadh síobadh sneachta a bheith ann i nDún na nGall ar feadh cúpla uair an chloig.
Dúirt Evelyn Cusack, Ceannasaí na Réamhaisnéise i Met Éireann, ar Today with Claire Byrne ar RTÉ go bhfágfadh teacht Stoirm Barra go mbeadh beatha daoine i mbaol as seo go ceann dhá lá agus go bhféadfadh tuilte agus sneachta a bheith ann.
Drochmhaidin cheart a bheidh ann amárach le galaí gaoithe anoir aneas, clagarnach báistí agus sneachta in áiteanna.
Meastar gur idir 4am agus 5am maidin amárach a bhuailfidh Stoirm Barra cósta an iarthair morning agus déanfaidh sí a bealach trasna na tíre ansin.
Táthar ag tuar go bhféadfadh 130 ciliméadar san uair a bheith leis an stoirm an uair is measa a bheidh sí.
Ní nach ionadh, le cósta is déine a bheidh an ghaoth agus tá rabhadh dearg i bhfeidhm ar an gcósta, ó Chuan na Gaillimhe go dtí Bá Bheanntraí, ó 3am ar go dtí 11pm amárach, agus fórsa stoirme 10 á thuar le farraige.
Tá Met Éireann ag moladh do dhaoine a bheith an-chúramach agus deir siad gur cheart rudaí a cheangail síos agus troscán a bhíonn taobh amuigh a thabhairt isteach.
Beidh báisteach an-throm ann agus idir 50mm agus 70mm a thitfidh.
Tá rabhadh nó foláireamh oráiste stoirme eisithe ag Met Éireann do chontaetha na Gaillimhe, an Chláir, Luimnigh agus Chorcaí ó 6am maidin amárach, Dé Máirt. Beidh an rabhadh i bhfeidhm go dtí 6am maidin Dé Céadaoin.
Tá stádas Ciarraí á athrú tráthnóna ó oráiste go dearg. Tá foláireamh buí stoirme eisithe don chuid eile den stát.