Tá ráite ag an Taoiseach gurb é a thuiscint ar chás na reachtaíochta teanga don Tuaisceart ná go dtabharfaidh Rialtas na Breataine isteach í sa bhliain nua.
Agus é ag labhairt sa Dáil inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go dtabharfaí an reachtaíocht teanga agus chultúir isteach in Westminster go luath agus go raibh an scéal pléite aige le Conor Burns, aire stáit in Oifig Thuaiscirt Éireann.
“An tuiscint atá againn ná go dtabharfar isteach í [an reachtaíocht] in Westminster. Níl a fhios agam an ndéanfar an beart sular rachfar i mbun sosa ach is cinnte [go ndéanfar é] luath sa bhliain nua,” a dúirt an Taoiseach mar fhreagra ar cheist ó cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald.
“Is é an trua nár deineadh é sa Tionól mar a aontaíodh anuraidh,” a dúirt an Taoiseach. “Is dóigh linn gur pacáiste reachtaíochta cothrom lán mionsonraí a bhí sa phacáiste a aontaíodh do chúrsaí teanga agus féiniúlachta in New Decade, New Approach, agus ba cheart é a bheith curtha i bhfeidhm.
“Nuair a bhí mé in Inis Ceithleann ag an searmanas cuimhneacháin le déanaí, bhuail mé leis an Aire Burns agus bhí an chuma ar an scéal gurbh é an dearcadh a bhí aige ná go mbeadh [an reachtaíocht] ag teacht chun cinn. Bhí fonn air é seo a dhéanamh mar atá geallta.”
Gheall Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimhe sin ach tá pobal na Gaeilge sa Tuaisceart fós ag fanacht uirthi.
An tseachtain seo caite, d’iarr Conradh na Gaeilge ar na Náisiúin Aontaithe idirghabháil a dhéanamh san fheachtas ar son na reachtaíochta Gaeilge don Tuaisceart.
Iarradh ar na Náisiúin Aontaithe tacú le héileamh an Chonartha go dtabharfaí cothrom na Féinne do phobal na teanga i dTuaisceart Éireann agus go ndéanfaí gníomh chun sin a bhaint amach.
D’iarr Mary Lou McDonald freisin ar an Taoiseach inniu an raibh sé buartha go raibh a rialtas ag cur i gcoinne breithiúnais Ard-Chúirte faoin gceart atá ag saoránaigh cáipéisí a fháil i nGaeilge, tráth a raibh cearta do Ghaeilgeoirí á gcur chun cinn in áiteanna eile.
Níor thug an Taoiseach freagra ar cheist McDonald, a bhí ag tagairt d’achomharc atá déanta ag an Roinn Tithíochta in aghaidh breith ard-chúirte faoin dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge de cháipéisí áirithe a chur ar fáil.
Bhí aighneas sa Dáil idir an Taoiseach agus ceannaire Shinn Féin ar an ábhar céanna an mhí seo caite.