Rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta teacht aniar ó thaobh líon na n-éisteoirí a bhíonn aige anuraidh ach de réir eolais ní fhanann figiúirí lucht éisteachta an stáisiúin seasmhach ó bhliain go bliain.
De réir na bhfigiúirí JNLR, atá faighte ag Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 35,000 duine ar an meán a d’éist leis an stáisiún Gaeilge in aghaidh an lae, ó Luan go hAoine, anuraidh.
Ardú mór 35% a bhí ansin ar fhigiúirí 2020, nuair a d’éist 26,000 duine ar an meán le RnaG in aon 24 uair an chloig, ó Luan go hAoine.
Is léir ó na figiúirí atá faighte ag Tuairisc gur bhain guagacht mhór le figiúirí lucht éisteachta an stáisiúin Ghaeltachta le roinnt blianta anuas. De réir na bhfigiúirí, ó 2013 i leith, ba mhinic laghdú nó méadú breis is 10,000 duine i gceist leis na figiúirí seachtainiúla ó bhliain amháin go bliain eile.
Mar shampla, idir 2016 agus 2017, tháinig ardú beagnach 40% ar líon na n-éisteoirí seachtainiúla a bhí ag an stáisiún, ó 28,000 go dtí 39,000. Ach laghdaigh líon na n-éisteoirí breis is 30% go dtí 27,000 éisteoir in 2018.
Lean an patrún céanna ina dhiaidh sin. In 2019 bhí méadú suntasach 41% i gceist ach thit na figiúirí arís go mór an bhliain dár gcionn, ó 38,000 go dtí 26,000, titim beagnach aon trian.
Sampla ionadaíoch a bhíonn i gceist le figiúirí éisteachta JNLR agus meastar gurb é an t-athrú a thagann ar líon iomlán na n-éisteoirí raidió is cúis leis an athrú ar fhigiúirí RnaG.
Thart ar 1% den lucht éisteachta a bhíonn ag RnaG gach bliain agus, mar gheall go bhfuil na figiúirí a bhíonn i gceist don stáisiún an-íseal i gcomparáid leis na stáisiúin móra Bhéarla, má athraíonn líon na ndaoine ar fad a éisteann le raidió, d’fhéadfadh an t-athrú sin cur isteach go mór ar fhigiúirí RnaG ó bhliain go bliain.
Ardú 35% a bhí i gceist le figiúirí éisteachta RnaG in 2021 agus, de réir an eolais nua seo, is i measc an ghrúpa éisteachta is sine atá ag an stáisiún amháin a tharla an t-ardú sin.
Bristear an lucht éisteachta suas ina cheithre ghrúpa, Aois 15-24, Aois 25-34, Aois 35-54 agus Aois 55+, agus is sa ghrúpa is sine acu sin a tháinig ardú ar fhigiúirí RnaG anuraidh.
22,000 duine a bhí 55 bliain d’aois nó níos sine a d’éist le RnaG in aghaidh an lae, ó Luan go hAoine, ar an meán. le linn 2021. Ardú 83% a bhí ansin ar an 10,000 duine san aoisghrúpa céanna a d’éist leis an stáisiún ar an meán in 2020.
Thit lucht éisteachta RnaG don aoisghrúpa 25-34 ó 2,000 go dtí 1,000 duine idir 2020 agus 2021 agus d’fhan an dá ghrúpa eile, Aois 15-24 (3,000) agus Aois 35-54 (8,000) mar a bhí siad in 2020.
In 2014 a bhí an lucht éisteachta laethúil is mó ag RnaG nuair a bhí 43,000 éisteoir in aghaidh an lae ag an stáisiún. Níor sháraigh na figiúirí an 40,000 sin ó shin.
Figiúirí Éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta 2016-2021 | ||
---|---|---|
Bliain | Lucht Éisteachta ó Luan go hAoine | Athrú % |
2021* | 35,000 | +35% |
2020** | 26,000 | -32% |
2019 | 38,000 | +41% |
2018 | 27,000 | -31% |
2017 | 39,000 | +39% |
2016 | 28,000 |
* Deireadh Fómhair 2020 – Deireadh Fómhair 2021
**Deireadh Fómhair 2019 – Meán Fómhair 2020