Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘nuair-a-bheinn-ag-labhairt-le-mo-leanbh,-bhi-a-aigne-siud-in-ait-eigin-eile’-–-cur-sios-deanta-ar-rnag-ag-tuismitheoir-ar-chonspoid-na-seirbhisi-slainte-i-gciarrai

‘Nuair a bheinn ag labhairt le mo leanbh, bhí a aigne siúd in áit éigin eile’ – cur síos déanta ar RnaG ag tuismitheoir ar chonspóid na seirbhísí sláinte i gCiarraí

| Tuairisc.ie | , ,

Tá tuismitheoir ar éis labhairt amach ar RnaG faoin gcaoi ar caitheadh lena leanbh a bhí ag freastal ar sheirbhísí meabhairshláinte do pháistí i gCiarraí Theas. 

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo go raibh díobháil déanta do na céadta gasúr a bhí faoi chúram Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh (CAMHS) i gCiarraí Theas. 

In athbhreithniú a d’fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tugadh le fios go raibh cúram contúirteach faighte ag 227 den 1,3000 leanbh a bhí ag freastal ar na seirbhísí agus go raibh “díobháil shuntasach” déanta do 46 acusan. 

Bhain an t-athbhreithniú le líomhaintí gur roghnaíodh cógais leighis do pháistí nach raibh cuí. Ar na contúirtí a bhain leis an gcóir leighis sin, bhí an traochadh, an maolú mothúchán, an smaointeoireacht mhall, titim mhór chun meáchain agus an míshuaimhneas. 

Labhair tuismitheoir amháin a bhfuil a gasúr faoi chúram CAMHS Dheisceart Chiarraí faoin scéal ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna. 

Dúirt an tuismitheoir, nár ainmníodh agus ar athghuthaíodh a cuid cainte, go raibh an chlann ag plé le CAMHS ó 2012 agus go rabhadar an-sásta leis an gcúram nó gur tháinig athrú ar chúrsaí trí nó ceithre bliana ó shin nuair a cuireadh a bpáiste faoi chúram dochtúra nua. 

“Ar feadh cúpla bliain, bhí na haon ní ag imeacht i gceart ach d’athraigh na haon ní timpeall agus b’ait linn é. Bhí dochtúir nua le feiscint agus d’athraigh rudaí ar fad,” arsa an tuismitheoir. 

Míníodh go raibh cóir á fáil ag an ngasúr mar thoradh ar dhiagnóis ADHD agus go raibh air táibléad á thógáil. Bheartaigh an dochtúir nua go raibh cógas níos láidre ag teastáil, áfach. 

“Sin é an dochtúir a mhínigh go gcaithfeadh mo leanbh a bheith ar an táibléad eile seo. Go gcabhródh sé le pé glór a bhí sna cluasa acu, go gciúnódh sé síos sa bhreis mo leanbh istigh sa rang.” 

Dúirt an tuismitheoir go raibh athrú mór le brath ar an bpáiste agus na táibléid nua á dtógáil aige.  

“Bhí na táibléadaí á dtógaint…ach bhí mo leanbh ag teacht abhaile cancrach agus ag titim dá c(h)odladh,” a dúradh. “Nuair a bheinn ag labhairt le mo leanbh, bhí a aigne siúd in áit éigin eile agus ní shin mar a bhíodh.” 

Dúirt an tuismitheoir gur dhúirt an páiste tar éis tamaill nach raibh sé ag iarraidh na táibléid nua a thógáil níos mó agus go mbíodh argóintí eatarthu mar gur ghlac na tuismitheoirí le comhairle an dochtúra go raibh gá leis na táibléid agus go raibh siad ag déanamh maitheasa. 

Nuair a bhuaileadar le dochtúir nua, an Dr Ankur Sharma, i bhfómhar 2020 áfach, b’in nuair a tháinig sé chun solais nach raibh gach rud i gceart. 

“Bhí mo chéile ag caint istigh leis agus bhuail an dochtúir ansin leis an leanbh agus bhíodar ag dul trí rudaí agus bhí sé ag féachaint trí nótaí. D’fhiafraigh sé dom chéile canathaobh go rabhadar ar an dtáibléad seo,” a dúirt an tuismitheoir. 

“Ní raibh aon ghnó [don leanbh] bheith ar na táibléadaí seo,” a dúirt an Dr Sharma leis an tuismitheoir. 

Ní hamháin sin, ach dúirt sé gur cheart go mbeadh an leanbh ag bualadh leis na seirbhísí sláinte níos minice ó tharla iad a bheith ar an gcóir leighis seo.   

Dúirt an tuismitheoir gur bhain an cruinniú agus an t-eolas sin geit astu ach nach ndearna siad mórán imní mar go raibh an phaindéim faoi lán seoil ag an am agus go mb’fhéidir nach raibh na seirbhísí ag feidhmiú i gceart. 

Fuair siad léargas iomlán ar an bhfadhb nuair a iarradh isteach chuig cruinniú eile iad ag deireadh na bliana seo caite. 

Bhí triúr nó ceathrar dochtúirí i láthair ag an gcruinniú sin, dar leis an tuismitheoir, agus míníodh céard a bhí tarlaithe maidir leis an gcóir leighis a bhí faighte ag an leanbh. 

“Chaith mo chéile suí sa charr ar feadh dhá nó trí nóiméadaí le tógaint isteach céard a bhí ráite leis agus ansin thosaigh ag gol,” a dúirt an tuismitheoir. 

“Fuarthas an litir ansin maidir le céard a bhí pléite sa chruinniú agus dúras i m’aigne, ‘Cad ‘tá ag tarlú san áit seo?’” 

Nuair a tháinig an litir eile ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tseachtain seo ag cur síos ar céard a bhí tagtha chun solais mar thoradh ar an athbhreithniú, cuireadh na tuismitheoirí trína chéile arís. 

“Bhí an ghoimh orm mar, pé tuiscint a bhí againn roimhe sin ar cad a bhí tar éis tarlú, dhein sé seo dhá uair nó trí huaire níos measa é mar ní raibh éinne ag rá ‘Féach, tá rudaí ag tarlú anseo nár cheart a bheith ag tarlú’.” 

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar sa Dáil inné go mbeadh cúiteamh airgid ag dul do na teaghlaigh a ndearnadh díobháil dóibh ach dúirt an tuismitheoir seo nach sásódh tada iadsan ach go mbeadh daoine freagrach as an teip agus go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí a d’eascair as athbhreithniú an FSS. 

“Níl theastaíonn uainne éinne a thabhairt chun cúirte ná aon rud eile ach bhí daoine, ceannairí os cionn an dochtúra seo, caithfidh siad seasamh suas. Caithfidh duine a bheith freagrach as an méid a tharla. Caithfidh siad seo an doras a fháil agus an bhróg agus níor cheart go ligfí in aice lena leithéid seo arís go brách iad.” 

Dúirt an tuismitheoir go raibh siad an-bhuíoch as an obair a rinne an Dr Sharma an scéal uile a thabhairt chun solais. 

“Buíochas le Dia go raibh a leithéid de dhochtúir ann is an Dr Sharma agus go ndein sé oiread búirthigh is béicigh faoin gcúram. Táimid ana-bhuíoch dó.” 

Níos mó