Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-beatha-a-chur-i-mbaol-le-go-mbeidh-fss-in-ann-cupla-euro-a-shabhail’

‘Tá beatha á chur i mbaol le go mbeidh FSS in ann cúpla euro a shábháil’

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Feictear dom go bhfuil iontas arís eile ar pholaiteoirí faoin éagóir atá déanta ar ghasúir agus daoine óga na tíre mar gheall ar laigeachtaí eile atá aimsithe sna seirbhísí atá in ainm agus cosaint agus cúnamh a thabhairt do pháistí.

An tseachtain seo caite, an scannal faoin méid a bhí ag tarlú sa tSeirbhís Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh i gCiarraí atá ag cur ‘iontas’ orthu. Cuireann an ‘t-iontas’ seo mearbhall orm. Chaithfeadh sé nach bhfuil siad ag léamh na dtuarascálacha breátha téagartha a chuirtear faoina mbráid faoi sheirbhísí sláinte i gcoitinne, meabhairshláinte ach go háirithe. Sin faillí. 

Faillí eile ná gur léir nach dtugann siad faoi deara an líon mór daoine ina ndáilcheantair a bhíonn ag déanamh cosán dearg ag a gcuid oifigí ag iarraidh cúnamh dá gcuid daoine muinteartha atá ar liosta feithimh eicínt ag fanacht ar obráid nó leaba nó coinne le dochtúir comhairleach. Fuair siad foláirimh rialta. Cuireadh faoina mbráid an chontúirt a bhain leis. Ní dhearna siad tada faoi. 

Beidh iontas arís orthu nuair a thiocfaidh scannal nua chun solais. Tiocfaidh sé. Níl dóthain dochtúirí againn. Nuair atá ganntan dochtúirí ann, beidh fanacht níos faide ortsa ar liosta eicínt. Cothaíonn sé tuilleadh fadhbanna mar nuair atá ganntan dochtúirí comhairleacha ann, níl dochtúirí nua eile á dtraenáil. Imíonn siad thar lear, roghnaíonn siad speisialtacht eile, nó bíonn siad ag obair sa dorchadas gan chomhairle, gan traenáil, ag cur othar i mbaol. 

Bhí post síciatraí as gach trí cinn fágtha gan líonadh sular bhuail an paindéim muid. Tá sé níos measa anois. Tá cúinsí oibre san Astráil, in Aotearoa nó sna Stáit Aontaithe i bhfad níos deise. Agus tá an pá níos fearr chomh maith. I bhfad níos fearr. Níl an brú céanna orthu. Níl faitíos orthu go mbeidh siad fágtha gan tacaíocht ná láimh chúnta, rud a tharlaíonn anseo go minic, go háirithe faoin tuath.

Teastaíonn foireann altraí, síceolaithe, oibrithe shóisialta agus saineolaithe eile ó sheirbhís mar seo. Tá chaon cheann de na postanna ciorraithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le blianta. De réir an iar-Aire Sláinte an Dr (!) James Reilly, bhí an iomarca airgid á íoc leis na dochtúirí comhairleacha. Roghnaíodh pá i bhfad níos ísle a thabhairt do dhochtúirí nua. Dúradh nach mbeadh an dara rogha acu. Faraor dúinne, tá. Tá siad imithe.

Níl dochtúirí teaghlaigh in ann áit a fháil le cúnamh meabhairshláinte a thabhairt do dhaoine óga, agus go deimhin táimid ag teacht chuig an lá go bhfuil sé deacair ag ceachtar againn coinne a fháil leis an dochtúir áitiúil. Tá beatha á chur i mbaol le go mbeidh an Fheidhmeannacht in ann cúpla euro a shábháil. Caithfear an t-airgead céanna ansin ar chásanna dlí. Nach bíodh aon iontas eile ort. Tá sé seo, nó a mhacasamhail, ag tarlú in áit eicínt eile faoi láthair. Tá súil agam go dtuigeann an rialtas luach a gcuid airgid, agus costas a gcuid cinntí.

Níos mó