Mhaígh aire gnóthaí eachtracha na Rúise nach nglacfadh rialtas na Breataine leis dá gcuirfí cosc ar an mBéarla in Éirinn agus é ag cosaint chinneadh na Rúise ionradh a dhéanamh ar an Úcráin.
Agus é ag labhairt leis na meáin i Moscó ar maidin, thagair Sergei Lavrov do chás na Rúisise san Úcráin agus é ag iarraidh údar a thabhairt le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Mhaígh sé go raibh an Úcráin ag iarraidh daoine a labhraíonn Rúisis a ruaigeadh as an tír.
Mheas Lavrov nach mbeadh rialtas na Breataine sásta ligean d’Éirinn cosc a chur ar an mBéarla agus go gcuirfí stop lena leithéid de dhlí go gasta.
“Mar shampla, céard a cheapfadh an Ríocht Aontaithe dá nglacfaí cinneadh in Éirinn cosc a chur ar an mBéarla? Nó sa Bheilg, dá gcuirfí cosc ar an bhFraincis? Ní dóigh liom go mairfeadh dlí dá leithéid níos mó ná cúpla lá ná cúpla uair an chloig fiú,” a dúirt Lavrov.
Níl cosc ar labhairt na Rúisise san Úcráin. Labhraíonn formhór na ndaoine in iarthar na tíre an Úcráinis ach an Rúisis atá go láidir in oirthear na hÚcráine.
In 2019, tháinig dlí nua i bhfeidhm san Úcráin a d’fhág go mbeadh sé riachtanach do státseirbhísigh, saighdiúirí, dochtúirí agus múinteoirí an Úcráinis a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre. Tá dualgas freisin ar dhaoine atá ag obair in earnáil na seirbhísí úsáid a bhaint as an Úcráinis, ach sa chás go n-iarrfadh custaiméir go sonrach go n-úsáidfí an Rúisis. Ó thús na bliana, caithfidh na meáin chlóite san Úcráin úsáid a bhaint as an Úcráinis, cé gur féidir scéalta sa Rúisis a fhoilsiú freisin.
Dúirt Uachtarán an Rúise, Vladimir Putin an tseachtain seo go raibh sé chun saighdiúirí cosanta a lonnú in dhá cheantar in oirthear na hÚcráine a thacaíonn leis an Rúis, ceantair a dhearbhaigh gur poblachtaí iad in 2014, ach cuireadh tús inné le hionradh ar áiteanna éagsúla ar fud na hÚcráine.
Meastar go bhfuil na céadta maraithe sa troid le dhá lá anuas agus fórsaí na Rúise ag iarraidh príomhchathair na hÚcráine, Cív, a thimpeallú.