Tá suas le €80,000 le bronnadh ar choistí pobail Gaeilge ar fud na tíre agus buaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael fógartha.
Tá trí choiste – Coiste Forbartha Charn Tóchair i nDoire, Ionad Naomh Pádraig, Dobhar i dTír Chonaill agus Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua i gConamara anois san iomaíocht don phríomhdhuais €15,000 agus na marcanna is airde i gcomórtas 2021 faighte acusan.
Fógrófar Príomhdhuais Ghlór na nGael ag an mbronnadh náisiúnta ag deireadh na míosa seo chugainn. Gheobhaidh an coiste a bheidh sa dara háit €5,000 de dhuais.
Fógraíodh na buaiteoirí inné ar chlár speisialta d’Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bronntar duaiseanna Ghlór na nGael mar aitheantas ar an obair a dhéanann coistí pobail Gaeilge ar fud na tíre ó cheann ceann na bliana. Bhí an comórtas seo 60 bliain ar an bhfód anuraidh.
Dúirt na moltóirí gur léiríodh le dhá bhliain anuas láidreacht agus seasmhacht na ngrúpaí seo agus iad ag soláthar seirbhísí d’ardchaighdeán do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud na tíre, in ainneoin dúshláin na paindéime.
Ghabh Caitríona Nic Seoin buíochas le Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dhéanann urraíocht ar an phríomhdhuais, mar aon le hÚdarás na Gaeltachta agus le hurraitheoirí uile na nduaiseanna speisialta.
Bronnfar duaiseanna Ghlór na nGael ag ócáid speisialta in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair ar an Satharn, an 26 Márta 2022. Is ansin chomh maith a fhógrófar buaiteoirí Chomórtas na gCumann Gaelach sna hinstitiúidí tríú leibhéal.
Liosta Bhuaiteoirí Chomórtas 2021
Gradam Ghlór na nGael – Helen Ó Murchú agus Bláthnaid Ó Brádaigh
Duaiseanna Rannóige an Chomórtais
An Óige:
Chéad áit, €3,000: Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh
Dara háit, €2,000: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
An Teaghlach:
Chéad áit, €3,000: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Dara háit, €2,000: Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh, Co. Thír Eoghain
Oideachas:
Chéad áit, €3,000: An Droichead, Béal Feirste
Dara háit, €2,000: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Sláinte Intinne & Choirp:
Chéad áit, €3,000: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Dara háit, €2,000: Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
An Stát agus Gnó:
Chéad áit, €3,000: Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara
Dara háit, €2,000: Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Cosaint Comhshaoil, Oidhreachta, Spioradáltachta:
Chéad áit, €3,000: Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Dara háit, €2,000: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Chéad áit, €3,000: Glór na Móna, Béal Feirste
Dara háit, €2,000: Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Rannóg na Gaeltachta:
Chéad áit, €3,000: Comharchumann Ráth Chairn, Contae na Mí
Dara háit, €2,000: Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Duaiseanna Speisialta an Chomórtais 2021
Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe, €1,500: Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €1,500: Lár-Chomhairle Pharóiste Ghleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500: Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000: Conradh na Gaeilge, Bóirche Íochtar, Contae an Dúin
Duais an Oireachtais, €500: Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe
Duais an Fhorais Phátrúnachta, €1,000: Muineachán le Gaeilge, Co. Mhuineacháin
Duais COGG, €2000: Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí
Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000: Pleanáil Teanga Árainn Mhóir, Co. Dhún na nGall
Duais don Choiste Deonach is fearr, €1,000: Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall
Duais Aitheantais, €1,000: Comharchumann Ráth Chairn, Co. na Mí