Tá an craoltóir Gaeltachta Cormac Ó hEadhra, an t-imreoir rugbaí de chuid na hÉireann Sene Naoupu agus Séaghan Ó Súilleabháin, nó @KerryCowboy, feirmeoir, múinteoir agus pearsa ar líne, ainmnithe mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2022.
Tá 120 bliain ann i mbliana ó eagraíodh an chéad Seachtain na Gaeilge.
Beidh an fhéile ar siúl ar feadh breis is coicís i mbliana, ón 1 Márta go dtí an 17 Márta. Tá sé i gceist imeachtaí a reáchtáil ar fud an domhain agus iad á n-eagrú ag grúpaí pobail, scoileanna, grúpaí cultúrtha agus spóirt in Éirinn agus thar sáile.