Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tuiscint-agus-aontas-de-dhith-ar-an-bhothar-i-dtreo-an-athaontaithe

Tuiscint agus aontas de dhíth ar an bhóthar i dtreo an athaontaithe

| Dáithí Anraí |

Concubhar Ó Liatháin

Tá sean scéal grinn ann faoin gcéad chruinniú de pháirtí polatúil nua agus gurb í an scoilt an chéad mhír ar an gclár oibre.

Sin a chuireann an chaint atá tráchtairí náisiúnacha áirithe a dhéanamh i gcuimhne dom agus iad ag moladh go mbeadh plé ann faoi aontú na hÉireann ach sa chéad anáil eile tá siad ag cáineadh go géar an dream a bhfuil siad ag iarraidh aontas a dhéanamh leo – siadsan sinne, muintir an Deiscirt.

Bheadh sé fánach agamsa a bheith ag iarraidh a chur in iúl go raibh muintir an Deiscirt cothrom lenár gcomhÉireannaigh ó thuaidh ón am go bhfuaireamar saoirse, más saoirse srianta féin a bhí ann, céad bliain ó shin.  Ní amhlaidh a bhí.

Ní chréidim go raibh muintir an Deiscirt cothrom ná cóir leis an bpobal a fagadh ar an mbruach eile nuair a deineadh críochdheighilt ar an dtír mar gheall ar an gConradh.

Fágadh an pobal náisiúnach le haire a thabhairt dóibh féin nuair a rinne dílseoirí ionradh ar a gcomharsanachtaí i Lúnasa 1969, eachtra nach bhfaigheann tú ach beagáinín dá bhlás agus tú ag amharc ar an scannán nua ó Kenneth Branagh, Belfast – dódh tithe agus scaoileadh daoine, agus na péas ag tabhairt cosaint dos na dílseoirí, seachas don bpobal a bhí faoi ionsaí.

In ainneoin an mhéid a dúirt Taoiseach na linne, Jack Lynch, ina óráid iomráiteach, is beag a dhein Rialtas na 26 Chontae chun teacht i gcabhair ar a muintir ó thuaidh a bhí faoi ionsaí. Cé gur chuala mé ó dhaoine a mbeadh a fhios acu gur tugadh roinnt Gael aitheanta chomh fada le Campa Chill Uird i gContae Chorcaí chun iad a oiliúint i láimhseáil meaisínghunnaí, campa é sin atá fós á rith ag Óglaigh na hÉireann, Arm an tSaorstáit.

Is iomaí neamairt a deineadh agus d’fhag sin goin nach bhfuil éasca a leigheas.

Tá an mothú gur fágadh ag an altóir iad fós sa treis i measc go leor náisiúnaithe sa Tuaisceart agus is beag a thuigeann deisceartaigh, polaiteoirí an deiscirt go háirithe, chomh domhain is tinn atá an ghoin sin.

Ní mór é a aithint.

Uaireannta tá sé fánach ‘Ach…’ a rá. Cosúil leis na hargóintí sin idir lánúin agus páirti amháin den tuairim go bhfuil éagóir á déanamh air nó uirthí ag an bpáirtí eile ach coimeadann sé/í a b(h)éal dúnta mar níor mhaith an rud é rud éigin a rá a chuirfeadh tine fé chúrsaí.

Tá ‘ach’ mór amháin ar fiú é a lua – is é sin an próiseas síochána. Luafaidh mé é. Chuaigh go leor polaiteoirí ó dheas sa bhearna bhaoil ar mhaithe le próiseas síochána a thabhairt ar an saol agus a bheathú tráth go raibh sé i bhfad níos fusa ligint don marú dul ar aghaidh. Ní raibh aon votaí ann mar bhí an chuid is mó de phobal na 26 Chontae in alltacht faoin bhforéigean ó thuaidh. Ach deineadh na hiarrachtai agus, fiú nuair a tharla sléacht éigin a chuir an iarracht sin ó mhaith, deineadh iarrachtaí eile arís.

Na tráchtairí atá ag díspeagadh polaiteoirí agus na rialtas ó dheas, déanann siad talamh slán den obair fhadalach a dhein na polaiteoirí agus na rialtais chéanna ar son an phróisis síochána.

Léiríonn siad easpa tuisceana ar mheon an phobail sna 26 Chontae, is é sin go bhfuil fócas an phobail sin ar cheisteanna nach mbaineann le stair na tíre agus gur mó an tsuim atá acu i nithe nach mbaineann le teorainneacha is bunreachtai is íobairtí fola ár sinsear.

Tá daoine ann a chreideann, de bharr go bhfuil Sinn Féin i bhfad chun tosaigh ar Fhianna Fáil agus Fine Gael sna pobalbhreitheanna agus go bhfuil an chuma ar an scéal go bhféadfadh Mary Lou McDonald a bheith ag ceann an pháirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghcháin eile in 2024 nó 2025, go mbeidh an páirti sin i réim ó thuaidh is ó dheas agus gur ionann is cinnte go mbainfear aontú na tíre amach an uair sin.

Nílim chomh cinnte. Ar an lá is fearr tá 35% ag SF – sin 65% den toghlach ag páirtithe eile. Sin trath go bhfuil an rialtas seo faoi bhrú ó gach taobh agus costas maireachtála ag dul in airde de léim gach seachtain.

Is rud casta é labhairt faoi aontú na tíre gan an sórt naisiúnachais a thug an Breatimeacht go Sasana a mhúscailt.

Tá sé níos casta arís in Éirinn mar gheall ar an bpobal Aontachtach, tuairim is 1 mhilliún duine a thugann a ndílseacht do Rialtas Londan, fiú is go bhfuil an dílseacht chéanna faoi bhrú mar gheall ar an dtréas a mhothaíonn sciar acu mar gheall ar an bPrótocal.

Cad é an tionchar a bheadh ag an bpobal sin agus an bhagairt ón dream is aintoiscí is armtha ina measc ar an bpobal votála ó dheas, tráth go mbeadh reifreann ann ar dhá thaobh na teorann agus an cheist seo á cinneadh?

De bharr an Bhreatimeachta, áfach, níl aon dul as ach go gcaithfear tús a chur leis an bplé seo. Tá an baol ann go bhfuil an Ríocht Aontaithe chun titim as a chéile agus cá bhfagfaidh san an Tuaisceart?

Creidim in aontú na tíre ach, é sin ráite, feicim cén fath a bhfuil polaiteoirí an deiscirt chomh faiteach ina leith. Ní fuacht don tuaisceart ná dá bpobal atá ar a chúl.

Tá sé ráite in aidhmeanna gach mórpháirtí ó dheas gur cloch ar a bpaidrín é aontú na tíre. Ach ní thuigeann siad meon an phobail ó thuaidh agus tá an easpa tuisceana sin níos forleithne i measc an phobail ó dheas.

Is é an rud nach mór a thuiscint freisin go bhfuil leaganacha éagsúla d’Éirinn Aontaithe ag páirtithe. Ní doigh liom go bhfuil mórán tacaíochta ann don bpoblacht Uile-Éireann Ghaelach shóisialach a luaitear go minic. Seans go mbeidh gnéithe di sin ann – ach b’fhéidir go mbeidh sí thar a bheith éagsúil ón aontas aislingeach.

Tá bealai éagsúla go dtí an ceann scríbe céanna á thaiscéaladh acu agus níor cheart a bheith á lochtú mar gheall ar sin. Cinnte bíodh diospóireacht pholaitiúil ann agus bíodh sé bríomhar, ach ná bíodh sé chomh nimhneach is a bhí an diospóireacht a bhí ann céad bliain ó shin a thug Cogadh na gCarad mar thoradh.

Má tá Rialtas na 26 Chontae mall chun na himeartha, ní hionann sin agus a rá nach é an cur chuige cúramach seo is túisce a bhainfidh an ceann scríbe amach.  

Má táimid chun aontacht a bhaint amach, ní mór duinn a bheith aontaithe inár gcur chuige agus má ghlacann sé am do phairtithe teacht ar bord, b’fhiú a bheith malltriallach ar mhaithe leis an oiread ab fhéidir a bheith linn agus sinn ag dul chun tosaigh.

Níos mó