Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
abhcoide-ag-iarraidh-ar-an-ard-chuirt-go-gcaithfi-amach-cas-a-thug-craoltoir-gaeilge-ina-choinne

Abhcóide ag iarraidh ar an Ard-Chúirt go gcaithfí amach cás a thug craoltóir Gaeilge ina choinne

Tá iarrtha ag abhcóide ar an Ard-Chúirt cás faillí a thug craoltóir Gaeilge ina aghaidh a chaitheamh amach. 

Gemma Ni Chionnaith a chuir faillí i leith an abhcóide mar gheall ar an tslí ar láimhseáil sé cás faoi dhífhostú éagórach in aghaidh RTÉ, cás nár éirigh leis. 

Chuir Gemma Ní Chionnaith, a bhíodh ag obair leis an gclár Seó Spóirt ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta, an dlí ar an abhcóide as Gaillimh John Fahy agus ar Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí.

Baineann a héileamh ar dhamáistí le comhairle a deir sí a fuair sí ón abhcóide maidir le cás faoi dhífhostú éagórach a thug sí in aghaidh RTÉ, cás a bhain le tréimhse oibre a rinne sí le RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2010.

Deir Ní Chionnaith gur oibrigh sí mar láithreoir ar an gcár Géill Slí ar RTÉ RnaG faoi roinnt conarthaí ar théarma seasta idir 2005-2010. 

Deir sí gur shocraigh RTÉ déanach sa bhliain 2009 gan athnuachan a dhéanamh ar a conradh ar théarma seasta, a bhí le dul in éag luath sa bhliain 2010. Deir sí nach raibh RTÉ sásta a rá go raibh sí dteideal conradh tréimhse éiginnte agus lorg sí comhairle dlí faoin scéal.

Mhaígh sé gurb í an chomhairle a thug John Fahy go raibh oiread conarthaí ar théarma seasta faighte aici go raibh sé ag dul di go gcaithfí léi mar fhostaí buan de chuid RTÉ agus go raibh seans maith go n-éireodh léi dá dtabharfadh sí cás faoi dhífhostú éagórach i gcoinne an chraoltóra. 

Gemma Ni Chionnaith. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Deir sí gur thug sí a leithéid de chás in aghaidh RTÉ i Meitheamh 2010 bunaithe ar chomhairle John Fahy agus le cúnamh an NUJ.

Dhiúltaigh coimisinéir um cheart don chás nuair a cuireadh faoi bhráid An Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais é in 2011. Dúradh go raibh a gearán déanta ag an am mícheart mar nár cuireadh tús leis i ndiaidh dá conradh ar théarma seasta deireanach dul in éag. 

Dhiúltaigh an Coimisinéir Um Chearta cead a thabhairt síneadh ama a thabhairt do Gemma Ní Chionnaith chun a cás a thabhairt in aghaidh an chraoltóra.

Ina dhiaidh sin chuir sí faillí i leith John Fahy, a mhaígh sí a sháraigh a dhualgas maidir leis an gcomhairle a chuir sé uirthi. Chuir sí an dlí chomh maith ar an NUJ ar chuir sí faillí ina leith mar gheall ar an tseirbhís a chuir siad ar fáil di. 

Cuireadh tús leis an gcás in 2013.

Deir Gemma Ní Chionnaith, atá ag obair mar bhainisteoir forbartha gnó agus atá ina cónaí sa Chaisleán Gearr sa Ghaillimh, gur bhain caillteanas agus agus damáiste di mar gheall ar an méid a líomhnaíonn sí a rinne na cosantóirí. 

Séanann na cosantóirí na líomhaintí sin. 

Deir dlíodóirí John Fahy ina rún réamhthrialach nár éirigh le Gemma Ní Chonnaith a cás a chur chun cinn agus gur chóir é a chaitheamh amach mar gheall ar an moill iomarcach dhochosanta a bhain leis. 

Cuireadh an rún réamhthrialach faoi bhráid an Bhreithimh Siobhan Phelan, a chuir a cinneadh ar athlá.

Deir John Fahy, a bhfuil ionadaíocht á dhéanamh air ag na habhcóidí Martin Hayden agus Tom Mallon, nár chuir Gemma Ní Chionnaith a cás chun cinn tapa go leor, agus gur fhág an mhoill go mbeifí claonta in aghaidh an Uasail Fahy. 

Dúirt Martin Hayden gur “ar an ngearánaí agus ar an ngearánaí amháin” a bhí an locht faoin moill. 

Dúirt sé go raibh “iliomad míniú” tugtha aici ar an scéal “ach nach aon mhíniú ceart ar an moill aon cheann acu”. 

“Thosaigh na heachtraí a bhfuil gearán á dhéanamh fúthu in 2009, nó go gairid ina dhiaidh, agus tá 2022 anois againn,” a dúirt sé.

Chuir Gemma Ní Chionnaith in aghaidh rún John Fahy. Dúirt an t-abhcóide Brendan Kirwan, a bhí ag gníomhú ar a son, nach raibh an mhoill ar an gcás iomarcach ná dochosanta.

Dhiúltaigh sé don áitiú go raibh claontacht cothaithe in aghaidh John Fahy. 

Ba cheart ó thaobh na córa de éisteacht iomlán a thabhairt don chás, a dúirt abhcóide Gemma Ní Chionnaith. 

Dúirt an Breitheamh go raibh súil aici cinneadh a fhógairt a luaithe agus ab fhéidir. 

Níos mó