Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-duch-agus-an-fhuil-ina-rith-le-cheile-i-gcogadh-fuilteach-idir-an-ucrain-agus-an-ruis

An dúch agus an fhuil ina rith le chéile i gcogadh fuilteach idir an Úcráin agus an Rúis

| Dáithí Anraí |

An dúch agus an fhuil ina rith le chéile i gcogadh fuilteach idir an Úcráin agus an Rúis

Michelle Nic Pháidín

Feictear dom go bhfuil ról na hiriseoireachta níos tábhachtaí ná bhí sé ariamh agus uafáis an chogaidh san Úcráin á clúdach acu. Tá baol na hoibre chomh dainséarach agus go bhfuil comhairle tugtha do roinnt iriseoirí ainmneacha bréagacha a úsáid, ar a gcuid scéalta, ar eagla go mbeadh forghabháil gearrthréimhseach ar siúl san Úcráin, sa todhchaí. 

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil iriseoirí á gcur féin i mbaol go mór mór sa chogadh fuilteach seo.  Cé go bhfuil súile an domhain dírithe ar an chogadh a úsáideann piléir agus buamaí le tamall anuas – bhí an cogadh a bhain leis na meáin ar siúl idir an Úcráin agus an Rúis le thart ar scór go leith bliain. I dtuairisc, i 2021, ar líne, san EUobserver, scríobh David Kirichenko faoi na dainséir a bhain le bheith ag obair mar iriseoir san Úcráin. De réir na tuairisce, bhíothas ag iarraidh preas a bhunadh a bhí saor ó thionchar olagarcaí na Rúise. D’ainneoin sin, dúirt Kirichenko go raibh an Kyiv Post ag déanamh obair mhaith ag treabhadh an bhealaigh i dtreo tuairisceoireachta ionraice.

Ach, cé go ndeirtear, i gcuid de na meáin, go raibh ról an iriseora dainséarach le blianta san Úcráin – anois táthar i mbaol báis agus iad ag déanamh a seacht ndícheall an nuacht a scríobh, a thaifead agus a chraobhscaoileadh ar fud fad na cruinne. 

I dtús an chogaidh seo tugadh beirt iriseoirí díreach chun na hotharlainne i ndiaidh do Rúisigh scaoileadh ar an charr ina raibh siad ag taisteal. Is é an t-iriseoir Stefan Weichert agus a chomhghleacaí, an grianghrafadóir, Emil Filtenborg Mikkelsen a gortaíodh san ionsaí airithe sin. Bhí veist philéardhíonach á caitheamh acu – rud a léiríonn gur thuig siad go raibh siad i mbaol sa chaoi céanna agus go mbeadh a fhios ag saighdiúirí go raibh siad i mbaol. Bhí go leor cosúlachtaí agus difríochtaí idir muintir na hÚcráine a bhí i mbun troda agus na hiriseoirí ach bhí rud amháin i gcoiteann ag an dá dream agus is é sin go raibh siad á gcur féin i mbaol ar mhaithe leis an rud a chreid siad a bhí ceart.

Tá iriseoirí ann, gan dabht, atá ag iarraidh an ról seo a chomhlíonadh – a bheith i lár an aonaigh – cibé cad é atá ag titim amach, cé acu cogadh nó tubaiste domhanda atá i gceist. Tá dúil acu a bheith i mbaol agus i ndainséar ach sin fíorbheagán daofa seo a théann i mbun na scríbhneoireachta agus na meán craolta. 

D’ainneoin sin, tá iriseoiri ag obair as an Úcráin nach raibh ag súil leis an dúshlán atá rompu amach i láthair na huaire.  Déarfainnse gur beag a shíl na hiriseoirí céanna go mbeadh an ról a ghlac siad chomh trom agus chomh fabhtach agus atá sé agus obair na gcapall a déanamh acu. 

Tá níos mó  dúshlán amháin rompu amach. Tá siad i mbaol cibirionsaí chomh maith – cibirionsaí a chuirfeadh stop leis an fhírinne a thuairisc. Dar ndóigh, tá stáisiún teilifíse amháin san Úcráin a bhfuil áit rúnda réitithe acu ar eagla go ndéanann na Rúisigh an foirgneamh ina bhfuil siad a bhuamáil.

Feictear cuid mhór difríochtaí sa chogadh seo le taobh cogaí eile. Tá an cogadh ag léiriú na héabhlóide atá tagtha ar na meáin. I dtosach báire chonaic muid tagairt don bhréagnuacht agus an dóigh a raibh físeáin á n-úsáid ag na meáin a raibh dochtúireacht déanta orthu. Tá ceird ann ina mbíonn ar shaineolaithe anailís a dhéanamh ar a leithid agus tá sé rí-shuimiúil – rinne mé féin cúrsa dá mhacasamhail i mBaile Átha Cliath arú anuraidh ag d’fhoghlaim mé an iomarca – bhí sé ar nós cineál rang CSI.

I dtosach báire bhí go leor físeán ó TikTok ar na meáin shóisialta ach tháinig fadhbanna sa treo sin chomh maith – bhí baol ann de dhaoine a dhul róchóngarach den uafáis. Chonaic mé tuairsceoir amháin a dúirt gur chuir sé ceist ar shaighdiúirí na Rúise an raibh cead aige taifead a dhéanamh orthu sula ndearna sé tuairisc beo. Bhí uirlisí eile in úsáid ag na meáin, Google Maps, Youtube, Busyness agus Google ach de réir tuairisce ar CNN Business cuireadh srianta i bhfeidhm le muintir na hÚcráine a chosaint a dúradh. 

Thar na cianta, tá iriseoirí ag cur a méar i mbéal an mhadra, ag treabhadh bealaigh le heolas a sceitheadh ar fud fad an domhain nuair atá cogadh ar siúl agus is ról tábhachtach, uasal é seo. Tréaslaím leo an obair fhiúntach, uasal seo atá ar bun acu. 

Níos mó