![](/wp-content/themes/yootheme/cache/4b/casaide-4b351ae0.png)
As Sleacht Néill go Seattle SAM – Bróna Ní Chaiside
Tá Bróna Ní Chaiside as Sleacht Néill i gContae Dhoire ó dhúchais lonnaithe in Seattle, Washington, le breis agus dhá bhliain anuas agus í ag obair mar au pair sa chathair.
Tháinig Bróna ar scéim au pair agus í ag críochnú na hollscoile i mBéal Feirste.
Baineann sí an-sult as a saol agus a cuid oibre in Seattle agus molann sí do dhaoine eile an deis a thapú agus tréimhse a chaitheamh thar lear.