Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘beidh-feile-ros-thra-li-beagan-nios-gaelai-i-mbliana’

‘Beidh Féile Rós Thrá Lí beagán níos Gaelaí i mbliana’

| Slaine Ni Chathallain | ,

Bhí Banraíon na hOíche ag lasadh a soilse, bhí Ard Rí na Gréine ag titim fán aoir

An chéad dá líne de leagan Gaolainne an amhráin ‘The Rose Of Tralee’.

An bhfuil aon fhéile idirnáisiúnta eile ann a dheineann ceiliúradh ar mhná mar a dheineann Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí?

Tá mórán dearcaí ag mórán daoine ar an bhféile, pé acu an maith nó olc iad. Bíodh san mar atá. Ní bhfuaireas féin ach blaiseadh beag di, nuair a chuireas isteach ar Rós Chiarraí roinnt blianta siar. Níorbh aon dóithín é, an fhoirm iontrála féin, gan trácht ar an réamhbhabhta. Agallaimh agus ceisteanna crua nach cuimhin liom anois ach is cuimhin liom brat allais a bheith orm ag teacht amach as seomra an agallaimh in Óstán an Rose i dTrá Lí agus is cuimhin liom a cheapadh, gur beag agallamh a bhí déanta riamh agam i mBéarla. 

Ní rabhas ana-inniúil ar fhocail mhóra Bhéarla, a bhraitheas a bhí ó na moltóirí le clos. Ag féachaint siar anois air, cé go rabhas sásta le mo “chur i láthair”, más féidir é sin a thabhairt air, ní rabhas aibí mo dhóthain, cé go rabhas ar dhuine de na hiomaitheoirí ba shine an bhliain úd.

An bhliain sin, bhí timpeall le trí dhuine dhéag nó níos mó istigh ar an gcomórtas. Cuid acu, is cuimhin liom go maith iad, cuid eile agus ní cuimhin. Bhí sé suimiúil bualadh le mná eile ó cheann ceann an chontae agus a scéalta a chlos. Bhí cúpla deireadh seachtaine anseo is ansúd againn, i nDrioglann an Daingin, sa Domhan Fothoinn, in Ionad Bogadh Bhá Thrá Lí agus ag na coite, oibrithe na féile farainn, ag coimeád cuntais orainn, is dócha. 

Thug an réamhbhabhta éachtaint dúinn ar ár gcontae, mura ndein sé faic eile agus chuir mná aithne ar mhná. Siúrálta, bhí beagán den bhformad ann, bhraithfeá é. Tá san nádúrtha, is dócha, ach bhí tacaíocht againn óna chéile, mar ba chlann bheag sinn le linn an chomórtais. Ba iad óstán An Meadowlands a dhein urraíocht ormsa oíche an chomórtais. Ba í Julette Culloty Rós Chiarraí an bhliain sin. 

Ár gcolúnaí Sláine Ní Chathalláin, ar chlé, ina Rós ag féile Rós Thrá Lí 2015

Tarraingíonn Féile na Rósanna mná ó cheithre chúinne an domhain le chéile chun plé a dhéanamh ar a gcultúr, ar an saol mór agus ar a gceangal le hÉirinn, gan trácht ar cheisteanna móra ár linne. Cuirtear i seomraí leapa ina mbeirteanna iad. Roinneann siad gúnaí, sálaí arda agus scéalta, rúin leis b’fhéidir. Tá tuirse mínádúrtha ag baint leis an seachtain i dTrá Lí i ndeireadh mhí Lúnasa, agus na sluaite ag iarraidh pictiúir a thógaint leis an Rós. 

Bíonn ócáidí le freastal orthu gan stad, agus gúnaí níos deise ná a chéile a bheith ullamh, iarnáltha don mball night sa Dome. Bíonn tinneas ar a n-aghaidh ag an síormheangadh gáire dos na fir agus na mná ceamara, agus ansan, ar an séú agus an seachtú hoíche, caitheann siad dul ar stáitse os comhair an domhain mhóir, agus a gcosa briste brúite ag na sálaí arda atá orthu le seachtain. Sin éacht ann féin.

Pé scéal é, chaithfeá meas a bheith agat ar na spéirmhná seo, a chuireann a gcroí agus a n-anam isteach i gcomórtas dá leithéid. Turas saoil in imeacht seachtaine. Táim cinnte go bhfoghlaimíonn siad mórán fúthu féin agus faoi dhaoine eile lena linn agus deineann siad cairde buana i ngach páirt den domhan.

I mbliana, beidh an fhéile beagán níos Gaelaí ná mar a bhí riamh mar is iad muintir Mhathúna ó Bhaile na nGall taobh thiar de Dhaingean a bheidh i mbun óstaíochta, ina n-óstán Meadowlands, i mbaile Thrá Lí. Tá deireadh le conradh na Féile le “The Rose Hotel”, agus is sa Meadowlands a bheith na rósanna agus lucht na teilifíse, mar aon leis na moltóirí buailte fúthu ar feadh na seachtaine. 

Beidh Gaolainn le clos ag na Rósanna go nádúrtha agus iad ag siúl timpeall an óstáin, ag Paddy agus Peigí Uí Mhathúna agus a gclann iníon, Siobhán, Maebh, Fionnuala agus Bríd. Is iad an seisear seo, agus a bhfoireann, a ritheann an t-óstán teaghlaigh, agus tá’n tú aige baile an nóiméad a shiúlann tú isteach ann. Tá fáilte chroíúil roimh an uile dhuine, cuirtear aithne ort ann agus bíonn tú ar do chompord. 

Nuair ná beidh na Mamaithe ábalta a bheith san óstán thar oíche leis na Rósanna, beidh Peigí acu mar Mhamaí, geallaimse duit, agus beid ar a sáimhín só amach is amach, le gach compord agus cóir ar feadh na seachtaine, mar aon le haghaidheanna cairdiúla mórthimpeall orthu. 

Rud eile de, bíonn togha an bhídh le fáil sa Meadowlands, togha na haire, agus fuílleach de gach rud. Ní bheidh éinne gann. Ní bheidh na giollaí ag fanacht san óstán céanna leis na Rósanna i mbliana in aon chor. Mar a dúirt Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas, ní bheidh aon hanky panky ar bun mar sin.

Cinnte, is dúshlán é do mhuintir Mhathúna a leithéid d’fhéile idirnáisiúnta a reáchtáil, ach níor chaill muintir na Gaeltachta a misneach riamh agus ár seasamh orthu. Tabharfaidh sé ardán domhanda dóibh agus a chonách sin orthu.

Beidh Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí ar bun ón 9-23 Lúnasa. Níl sé buaite riamh ag Rós Chiarraí, cé go mbuaigh Margaret O’ Keefe, le sais Thrá Lí uirthi an comórtas sa bhliain 1964. 63 bliain atá an fhéile ar an bhfód i mbliana agus gura fada buan é.

“…ach ní lena háilleacht, a ghlan sí mo chroí, ní hea, ach leis an bhfírinne ag lonradh ‘na súile, do mheall mé chun grá ‘thabhairt do Rós álainn Thrá Lí”.

Níos mó