Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘is-duine-nua-me-nuair-a-bhionn-an-ghrian-amuigh’

‘Is duine nua mé nuair a bhíonn an ghrian amuigh’

| kate scott | ,

Gach uair a cheapann mé gur cuma liom faoin aimsir, tagann cúpla lá gréine agus bíonn iontas an domhain mhóir orm. Níl a fhios agam ar mé an t-aon duine atá mar seo ach, nuair a thagann an ghrian amach ar feadh fiú cúpla uair an chloig, is duine nua mé. 

Bím ag siúl thar timpeall an champais ollscoile agus meangadh gáire orm féin ar nós duine iomlán craiceáilte, ag tabhairt suntais do na bláthanna, do na héanacha agus níos mó suime agam i ngach rud. Rachaidh mé chuig gach ceann de na léachtaí chuile lá (bhuel, beagnach chuile cheann) a dheirim liom féin. Tá níos mó inspreagadh orm mo chuid oibre a dhéanamh do mo chúrsa fiú! Nuair a bhí an aimsir go maith lá cheana, bhí mé ag freagairt ceisteanna i mo chuid léachtaí, go fírinneach! 

Ón taobh síceolaíochta de, tá galar ann darb ainm ‘Seasonal Affective Disorder (SAD)’, mar go bhfuil daoine ann a gcuireann an aimsir dhorcha ghruama isteach ar a ngiúmar go mór. Mothaíonn siad tuirseach agus in ísle brí nuair a bhíonn an aimsir fhliuch fhuar ann, chomh maith le comharthaí eile cosúil le deacrachtaí codlata agus deacracht ag díriú ar rudaí. Maraon leis sin, nuair a thagann feabhas ar an aimsir, na laethanta ag éirí níos faide, níos teocha agus níos gile imíonn na comharthaí go hiomlán. B’fhéidir gur cheart go mbogfadh muid ar fad go dtí an Spáinn nó áit éigean grianmhar chun fanacht i ndeá-ghiúmar.

Isteach liom ar an champas ar an maidin bhreá ghrianmhar, agus gan orm ach siúlóid deich nóiméad ó stad an bhus go dtí an halla léachtaí.  Ach mo léan géar ní raibh mé ach tagtha anuas den bhus nuair a thosaigh sé ag doirteadh báistí, agus shéid gustaí láidire gaoithe.  Tá mé beag go maith agus beag nar fuadaíodh leath bealaigh trasna an bhóthair mé. Táim beagnach cinnte go bhfaca mé duine éigin i carr a bhí ag dul tharam ag gáire fúm.

Níor thóg sé ach cúpla soicind go dtí go raibh mé báite ó bhun go barr. Faoin am a shroich mé an halla léachta bhí mo ghruaig ag sileadh uisce. Má léigh tú m’alt deireanach cuimhneoidh tú go raibh orm mo ghruaig a thriomú le triomadóir lámha i leithreas sa teach tábhairne a raibh mé ann. Bhuel, bhí Páirt a Dó den saga sin agam an lá seo. Greannmhar go maith, thosaigh cailín eile ag déanamh an ruda chéanna lena gruaig nuair a chonaic sí mé. Bhraith an bheirt againn cineál dlúthchaidrimh sa leithreas, bunoscionn, ag triomú ár ngruaige mar thoradh ar an athrú aimsire. 

Ní maith liom é a admháil go poiblí, ach b’fhéidir go raibh cuid den cheart ag mo mháthair nuair a dúirt sí liom cóta báistí a thabhairt liom, mar sin beidh clúdach ceart nó scáth báistí á chrochadh liom chuig mo chuid léachtaí as seo amach. É sin, nó bogfaidh mé go dtí an Spáinn!

Níos mó