Rachaidh lucht idirbheartaíochta ón Rúis agus ón Úcráin i mbun babhta eile cainteanna síochána amárach.
Cuireadh tús leis na cainteanna is déanaí níos túisce inniu ach dúirt duine de lucht idirbheartaíochta na hÚcráine, Mykhailo Podolyak, go raibh “sos teicniúil” á thógáil chun ligin d’fhoghrúpaí níos mó oibre a dhéanamh agus chun pointí áirithe a shoiléiriú.
A technical pause has been taken in the negotiations until tomorrow. For additional work in the working subgroups and clarification of individual definitions. Negotiations continue…
— Михайло Подоляк (@Podolyak_M) March 14, 2022
Tá tús á chur athuair leis na cainteanna tráth a bhfuil an choimhlint ag éirí níos measa agus níos bruidiúla i gcónaí.
Maraíodh na scórtha in ionsaí a rinneadh inné ar ionad míleata gar do theorainn na Polainne agus leanadh leis an mbombárdú inniu ar Kyiv agus áiteanna eile.
Tá Mariupol réabhtha buailte ag ionsaithe ar fhoirgnimh chónaithe agus infreastruchtúr na cathrach.
Theip ar gach iarracht ó thús an chogaidh cabhair dhaonnúil a chur ar fáil do mhuintir Mariupol, mar a bhfuil bia, uisce agus leigheas gann. Tá tábhacht le Mariupol ó thaobh straitéis na Rúise mar dá n-éireodh leo í a smachtú bheadh smacht ar an gcósta acu mar go bhéadfaidís nasc a dhéanamh idir a dtrúpaí sa Chrimé agus in oirthear cheantar an Donbas.
Bhí Kyiv faoi lámhach airtléire arís maidin inniu i ndiaidh roinn laethanta den throid fhíochmhar sna bruachbhailte.
Deir údaráis na hÚcráine gur maraíodh 2,500 sibhialtach in Mariupol ó thús an ionraidh 19 lá ó shin.
Deir údaráis na hÚcráine gur maraíodh 90 páiste sa tír agus gur gortaíodh os cionn 100 páiste eile ón 24 Feabhra.
2.8 milliún atá teite ón Úcráin ó thús an chogaidh.
Dúirt Mykhailo Podolyak go ndíreodh na cainteanna is déanaí ar bhunú sos cogaidh, ar aistarraingt fhórsaí na Rúise agus ar bheartais slándála don Úcráin.
I tvuít a chuir sé amach faoi na cainteanna, dúirt Podolyak gur obair “chrua” a bhí ann agus gurb é an dá chóras polaitiúil éagsúil sa dá thír is cúis leis an “aighneas”.
Mar sin féin, tuairiscítear dóchas áirithe a bheith ann gur féidir dul chun cinn éigin a dhéanamh.
The parties actively express their specified positions. Communication is being held yet it’s hard. The reason for the discord is too different political systems. 🇺🇦 is a free dialogue within the society & an obligatory consensus. 🇷🇺 is an ultimatum suppression of its own society pic.twitter.com/O00fnCd1WP
— Михайло Подоляк (@Podolyak_M) March 14, 2022