Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cinedhiothu-ar-mhuintir-na-hucraine-ar-bun-ag-an-ruis-–-volodymyr-zelensky

Cinedhíothú ar mhuintir na hÚcráine ar bun ag an Rúis – Volodymyr Zelensky

Tá cáineadh géar déanta ag tíortha ar fud na cruinne ar mharú sibhialtach san Úcráin ó thángthas ar chorpáin agus ar olluaigh i gceantair a gabhadh ar ais ó thrúpaí na Rúise.

Tá coireanna cogaidh á gcur i leith na Rúise i mbaile mór Bucha, atá 30 ciliméadar siar ó thuaidh Kyiv. Deir údaráis na hÚcráine gur thángthas ar 410 corpán sna bailte thart ar Kyiv as ar cuireadh an ruaig ar thrúpaí na Rúise.

Thug Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, cuairt ar Bucha inniu agus dúirt gur “búistéirí” a bhí sna saighdiúirí a rinne na hionsaithe sin agus gur fianaise a bhí sna corpáin sin go raibh cinedhíothú ar mhuintir na hÚcráine ar bun ag an Rúis. Dúirt sé nach ar Putin amháin a chuirfí an milleán ach ar na “ceannasaithe míleata agus gach duine a thug ordú” agus dúirt gur chóir pionós a chur orthusan chomh maith.

Shéan údaráis na Creimile gach cúiseamh a cuireadh ina leith faoi mharú sibhialtach. I ráiteas de chuid na Creimile, dúradh gur “uafáis bhréige” a eagraíodh le droch-cháil a tharraingt ar an tír. “Diúltaímid do na líomhaintí seo,” a dúirt an t-urlabhraí, Dmitry Peskov. Dúirt sé go raibh comharthaí aimsithe ag saineolaithe sa rialtas ansin a léirigh gur “físeáin bhréige” a bhí á scaipeadh ag an Úcráin. “Éilímid ar cheannairí idirnáisiúnta gan cúiseamh a dhéanamh go tobann, agus ar a laghad éisteacht lenár n-argóintí,” a dúirt Peskov.

D’iarr an Úcráin go gcuirfí bac iomlán ar ola, gás agus gual na Rúise tar éis do cheannairí Eorpacha a thabhairt le fios go gcuirfí tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Rúis.

D’iarr Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, go gcuirfí tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm mar go raibh sé soiléir go ndearnadh “coireanna cogaidh”.

Dúirt Liz Truss, Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, gur chóir smachtbhannaí níos déine a chur ar an Rúis de bharr na dtuairiscí is déanaí.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel go rabhthas chun “tuilleadh smachtbhannaí” a chur ar an Rúis agus go dtabharfaí “tuilleadh tacaíochta” don Úcráin.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ar maidin go raibh “déistin” ar an Eoraip faoi mharú na sibhialtach agus nach bhféadfaí aon rud a chur as an áireamh dá bharr.

Dúirt Micheál Martin go ndeachaigh Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise “thar fóir ar fad” agus an cogadh seo a thosú.

D’iarr Linda Thomas-Greenfield, ambasadóir na Stat Aontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe, go ndíbreofaí an Rúis ó chomhairle chearta an duine na heagraíochta sin. Dúirt sí gur “cur i gcéill” a bhí ann go mbeadh an Rúis ar an gcomhairle sin agus go n-éileodh na Stáit Aontaithe i gcomhar leis an Úcráin agus tíortha eile go vótálfadh an Comhthionól Ginearálta an Rúis a chur ar fionraí.

Ionas go n-éireodh lena leithéid de rún, chaithfeadh dhá dtrian den 193 comhalta vótáil ar a shon.

Dúirt Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur theip arís orthu saoránaigh a thabhairt amach slán as calafort Mariupol. Dúirt urlabhraí da gcuid gur chinn orthu an chathair a shroicheadh de bharr “cúrsaí slándála”.

Tá conbhua fóirithinte de chuid na Croise Deirge ag iarraidh dul go Mariupol le roinnt laethanta chun muintir na cathrach scriosta sin a thabhairt slán ón anachain. Chuir an Rúis an milleán ar an gCros Dhearg féin faoin teip.

Tá fógartha ag an gcomhlacht táirgí bia Kerry Group go bhfuil cinneadh déanta aige deireadh a chur lena chuid oibre sa Rúis. Dúradh i ráiteas an chomhlachta go ndearnadh an cinneadh tar éis plé go leor le geallsealbhóirí an chomhlachta. “Choinnigh Kerry Group súil ghéar ar chúrsaí san Úcráin agus is údar uafáis dúinn an chaoi a bhfuil an ghéarchéim dhaonnúil ag dul in olcas ansin.”

Tá Kerry Group ag feidhmiú sa Rúis ó 2006 agus tá ionad taighde agus táirgíochta aige sa tír. 250 oibrí atá ag an gcomhlacht sa Rúis agus sa mBealarúis.

Níos mó