Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dheanfadh-se-ar-leas-tus-a-chur-le-teagasc-leann-an-iarchoilineachais-sna-bunscoileanna

Dhéanfadh sé ár leas tús a chur le teagasc léann an iarchoilíneachais sna bunscoileanna

| Kevin Hickey | ,

Ba i dtreo dheireadh na haoise seo caite a céadfhoilsíodh Litríocht agus Pobal, le Gearóid Denvir, cnuasach d’aistí breátha a fheileann go binn don ghnáthdhuine neamhacadúil, ach atá lán saibhris agus doimhneachta mar sin féin. 

Macalla ar chuid den ábhar sin is ea an leabhar is deireanaí leis, An Peann is a bhfuil ann, leabhar tanaí ach leabhar a bhfuil a oiread doimhneachta ag baint leis is a bhain lena réamhtheachtaí. 

Díol suntais a bhfuil ráite ag an mBaile Átha Cliathach faoi chúrsaí oideachais in An Peann is a bhfuil ann. Ainneoin na tráchtaireachta diúltaí ar fad faoin scolaíocht a chuirtear ar dhaoine óga, ‘roinneann deamhúinteoirí iad féin, a nduineatacht, agus a mianach inmheánach daonna féin, lena gcuid scoláirí’. 

B’fhurasta díriú ar na ‘fadhbanna tromchúiseacha sochaíocha’ agus ar ‘éigeantas marfach an chórais scrúduithe’, a deir an túdar, ach ainneoin an méid sin ar fad agus ainneoin deacrachtaí pearsanta scoláirí, tá ‘aos óg na tíre seo á dtreorú amach astu féin – bunbhrí an fhocail ‘oideachas’, educare – ar bhealach forásach a dhéanfas daoine fiúntacha daonna agus saoránaigh mhaithe díobh san am atá le teacht. Agus tá sé seo ag tarlú mar mhionmhíorúilt laethúil i seomraí ranga agus i scoileanna na tíre seo lá i ndiaidh lae.’

Is ionann an toideachas, dar leis, agus ‘gaois dhuineata atá le roinnt le cion, le hurraim agus le meas’, ráiteas a chuir i gcuimhne dom an méid a dúirt Áine Ní Chonghaile le gairid faoi aos óg na Gaeltachta a mhisniú. Mo thuairim féin go ndéanfadh sé ár leas tús a chur le modúl ar léann an iarchoilíneachais (postcolonial studies) i mbunscoileanna na tíre seo agus saothair le leithéidí Ngúgí wa Thiong’o, Edward Said agus Albert Memmi a bheith mar chuid den mhodúl sin. Gob ar ghob leis sin, mholfainn go léifí a leithéid de shaothair agus na bunsuáilcí thuasluaite i gcúl ár gcinn againn, d’fhonn a chinntiú nach mbainfí míbhrí nó míúsáid as na saothair sin le naimhdeas a chothú. 

Ach an chothromaíocht sin a bhaint amach, d’fhéadfaí mórtas cine a athmhúscailt ar leith amháin, ach filleadh ar an méid atá i bpáirt againn lena chéile mar dhaoine – beag beann ar theanga nó ar chine – ar leith eile. Athmhúnlú intinn agus croí mhuintir na hÉireann a theastaíonn, sa tslí is go dtaibhseofaí dóibh gur údar bróid a dteanga féin agus gur fiú í a chaomhnú. Is le gasúir a chaithfear tosú ar an athmhúnlú sin, óir is orthu atá dán na tíre ag brath.  

Faoi mar a deir Gearóid Denvir agus scríbhinní Kahlil Gibran á dtabhairt chun cuimhne aige, ní fhógraíonn an dea-mhúinteoir ort ‘dul isteach i dteach na gaoise’ ina theannta, ‘ach ina leaba sin, déanann sé thú a thionlacan chuig tairseach d’aigne féin’, áit a soilsítear duit an ní a bhí ‘ag brúchtadh i mbreacadh do chuid feasa féin’ cheana.

Is féidir An Peann is bhfuil ann a ordú anseo.

Níos mó