Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-baint-laidir-ag-an-gcogadh-san-ucrain-le-cursai-aeraide’

‘Tá baint láidir ag an gcogadh san Úcráin le cúrsaí aeráide’

| An Gael Glas | ,

 Tá sé deacair cos a choinneáil leis an nuacht le déanaí. Ón uair dheireanach a bhí mé libh i mí Eanáir, tá an Úcráin millte ag fórsaí a Rúise, tá an costas maireachtála imithe as smacht, tá Covid tagtha air ais cosúil le cuairteoir nach féidir a dhíbirt agus tá tuarascáil nua foilsithe ag IPCC na Náisiún Aontaithe faoi “thionchar, leochaileacht agus cóiriú” de bharr na héigeandála aeráide. 

N’fheadar an toisc go bhfuil aird an domhain ar an gcéad trí ábhar, ach ní fhaca mé mórán faoin dtuarascáil sin sna meáin. Ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an éigeandáil aeráide is dócha – is deacair é bheith buartha faoi bhagairt a bheidh ag tarlú i gceann fiche bliain nuair atá do thigh scriosta inniu, nó nuair a fheiceann tú na mílte teifeach ag iarraidh teacht slán ón uafás. Ní dóigh liom ach an oiread go raibh go leor i dtuarascáil an IPCC a bhí úrnua. Bhí sé beagnach doléite chomh maith – 4,000 leathanach lán de phrós tiubh teicniúil. Ach ná bí buartha – rinne an Gael Glas éacht chun é a léamh ar do shon agus achoimre a thabhairt duit!

Deirtear ann go bhfuil an eolaíocht soiléir, go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas, go mbeidh tionchar ollmhór ag an éigeandáil aeráide orainn go léir agus go gcruthóidh sé éigeandáil i ndiaidh éigeandála ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha atá ag streachailt cheana féin. 

Marófar daoine, cuirfear isteach ar sláinte an phobail, cuirfear go leor speiceas i mbaol a ndíothaithe, tosófar sé cogaí. Beidh an domhan níos contúirtí agus níos míchompordaí. Ach is féidir linn na tionchar is measa a sheachaint má dhéanfaimid ár seacht ndícheall aistriú cuimsitheach cóir a chur i gcrích.

Ní dóigh liom gur chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin ionadh orainn ach an oiread, ón méid a bhí ráite agus déanta ag Putin sna blianta roimh seo. Ach cuireann na pictiúir atá ag teacht amach eagla agus déistin orm – a leithéid de chogadh san Eoraip den chéad uair ó na 1990í. Tá baint láidir ag an gcogadh le cúrsaí aeráide chomh maith, chomh láidir gur thug eolaí aeráide mór le rá ón Úcráin “cogadh na mbreoslaí iontaise” air. 

Cogadh eile a dheireann tú, le cur san áireamh leis an Iaráin, leis an Iaráic (faoi dhó), leis an tSiria, leis an Nigéir…srl, srl. Is peitreostát é an Rúis atá ag brath beagnach go hiomlán ar easpórtáil ola agus gáis chuig an Eoraip agus tíortha eile. Ní hamháin sin, ach tá tíortha na hEorpa ag brath ar an mbreosla céanna. 

Ní aontaím le tuairisceoirí áirithe, cuid acu a bhfuil colúin acu sna meáin Ghaeilge, nach bhfuil fiúntas sna smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm ag tíortha an Iarthair, (agus cad ba cheart dúinn a dhéanamh a Eoin Uí Mhurchú? Glacadh leis an ionradh? Géilleadh do gach atá ag teastáil ó Phutin?). 

Is í an fhadhb í nach bhfuilimid in ann smachtbhannaí níos déine a chur i bhfeidhm. Nach suntasach an rud é go bhfuil an gás ag teacht sna píoba ón Rúis, lá i ndiaidh lae, gan stad, gan staonadh, fiú nuair a bhíonn Putin agus ceannairí na hEorpa in adharca a chéile? Realpolitik amach is amach, conas is féidir le polaiteoir in Iarthar na hEorpa bac a chur ar sholáthar gáis ón Rúis agus na praghsanna méadaithe go huafásach cheana féin. Ní bheidh réiteach fadtéarmach againn go dtí go n-athróimid go hiomlán ó bhreoslaí iontaise. 

An t-aon toradh dearfach a bheidh ag an gcogadh seo, feictear domsa pé scéal é, ná go mbrostóidh sé athrú na hEorpa (agus Meiriceá le cúnamh Dé) go dtí fuinneamh in-athnuaite. Níl sé sin cinnte go gearrthéarmach, ach níl aon amhras ormsa ach go dtarlóidh sé sna blianta amach romhainn

Chun deireadh a chur leis an alt seo – beidh léacht spéisiúil ar siúl ar líne Dé Máirt seo chugainn, leis an Ollamh Michael Cronin, údar an leabhair An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht. Táthar á eagrú mar chuid de shraith cainteanna dar teideal ‘Mionteangacha agus Athrú Aeráide’ ag Craobh Chonradh na Gaeilge in Aotearoa/Nua-Shéalainn. Tá sé saor in aisce, ag tosú ag 19.30 am na hÉireann ar an 5 Aibreáin agus is féidir clárú roimh ré anseo

Níos mó