Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘uvf’-curtha-ag-loitimeiri-ar-an-ngaeilge-ar-chomharthai-bothair

‘UVF’ curtha ag loitiméirí ar an nGaeilge ar chomharthaí bóthair

| Tuairisc.ie | ,

Tá péint dhubh agus ‘UVF’ curtha ag loitiméirí ar an nGaeilge ar chomharthaí i gClóidigh i nDoire.

Seo an sampla is déanaí den loitiméireacht leanúnach atá á déanamh le roinnt blianta anuas ar an nGaeilge ar chomharthaí sa Tuaisceart.

Dúirt Cara Hunter, iarrthóir de chuid an SDLP sa toghchán tionóil, gur tharla an eachtra loitiméireachta go moch maidin inné ar Bhóthar Ballyhanedin.

Dúirt Cara Hunter gur mór “an náire” an graifítí agus nach mbeadh aon ghlacadh ag muintir na háite le daoine a bheith ag “marcáil críche” mar seo.

Dúirt sí go raibh tuairisc curtha faoi bhráid na n-údarás aici faoin eachtra agus gur tugadh le fios di go mbainfí na comharthaí anuas go luath.

Disgraceful graffiti this morning with spray paint over most of signage with the Irish language on them on the Ballyhanedin Road. 

This is unacceptable and the local people will not put up with these territorial markings. 

I have reported this so it will be down shortly. pic.twitter.com/AGQ6wz4w8P

— Cara Hunter #SDLP (@CaraHunterSDLP) April 11, 2022

Tá ráite cheana ag póilíní an Tuaiscirt gur  “coir fuatha” a bhíonn i gceist le heachtraí ina ndéantar dochar do chomhartha bóthair dátheangach.

Dúradh an méid sin, mar shampla, nuair a scriosadh an Ghaeilge de chomhartha bóthair i gceantar Bhóthar an Chéide sa Bhaile Úr i nDeisceart Ard Mhacha ag deireadh na bliana seo caite.

Tá loitiméireacht gan stad á déanamh ar chomharthaí dátheangacha le tamall de bhlianta anuas.

Baineadh úsáid as péint agus uirlisí cumhachta chun comharthaí dátheangacha a scriosadh i gceantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin le linn na Nollag seo caite. Rinneadh damáiste do chomhartha amháin sa mBaile Úr in Ard Mhacha trí huaire taobh istigh de dhá mhí.

Loiteadh cuid de na comharthaí le péint agus stroighin chun an leagan Gaeilge de logainm a chlúdach agus gearradh anuas comharthaí eile le líomhadóirí diosca.

Léiríonn na figiúirí go bhfuil líon na n-eachtraí loitiméireachta ag dul i méid gach bliain. Cúig eachtra a tuairiscíodh ar fud Thuaisceart Éireann in 2015 ach bhí níos mó ná 100 i gceist in 2021.

Rinneadh loitiméireacht ar chomharthaí dátheangacha beagnach 300 uair i gceantair éagsúla ar fud an Tuaiscirt le cúig bliana anuas agus tá £40,000 caite ag comhairlí áitiúla ar an obair dheisiúcháin a bhain leis na heachtraí.

Chaith Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin níos mó ná £11,000 idir 2015 agus 2021 ar bheagnach 60 cás ina raibh loitiméireacht déanta ar chomharthaí dátheangacha.

230 cás a bhí i gceist i Lár Uladh ó 2017 agus os cionn £24,000 caite ag an gComhairle ansin ar chomharthaí a dheisiú.

Níos mó