Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Dearg le Fearg ar thonn áthais

| Dáithí Anraí |

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Léigh mé leabhar iontach le linn na dianghlasála – Humankind is teideal dó agus is é an staraí Ísiltíreach, Rutger Bregman, a scríobh. Go bunúsach, déanann sé cás láidir paiseanta, bunaithe ar anailís ar an luathstair agus cúrsaí comhaimseartha, go bhfuil an cine daonna macánta agus gnaíúil. Ar an drochuair, cuirtear a mhalairt ina luí orainn go minic agus i ndiaidh na tréimhse corraithí ar tháinig muid fríd de bharr na paindéime, coimhlíntí foréigneacha ar fud na cruinne, caimiléireacht oscailte ón aicme pholaitiúil agus scriosadh timpeallacht na cruinne, tá sé furasta agus intuigthe a bheith duairc faoin todhchaí agus an cine daonna i gcoitinne.

In amanna, áfach, tarlaíonn eachtraí a mhusclaíonn ón diúltachas seo muid agus bhí an Lá Dearg i measc na n-eachtraí sin. 20,000 Gael ar shráideanna Bhéal Feirste ag canadh agus ag caint i gcuideachta a chéile, léiriú iontach ar mheon dearfach ár bpobail agus ár gcumais dul i ngleic le dúshláin trí ghníomh dearfach seachas briathra diúltacha; ‘na habair é, déan é’ mar a dúirt ceannródaithe Bhóthar Seoighe. Agus cé go raibh muid ‘Dearg le Fearg’, ní raibh ach grá agus dlúthpháirtíocht le mothú ón slua ar an lá, ‘tonn mhór áthais’ mar a chuir an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir síos air in agallamh le TG4.

Is cúis bhróid mhór dom é a bheith bainte leis an fheachtas claochlaitheach seo. Is cuimhin liom an chéad chruinniú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mí Dheireadh Fómhair 2016. Ag an am sin, bhí ceist cearta teanga ar an trá is laige le fada an lá ach leag muid dúshraith sna laetha sin a choinnigh ar an bhóthar ceart muid sna blianta achrannacha ina dhiaidh. Bhí fuinneamh dochloíte le mothú go sonrach agus measaim gur mhothaigh muid uilig go raibh an t-aistear dochreidte os ár gcomhair chomh tábhachtach leis an cheann scríbe féin.

Ó shin i leith, scaip soiscéal an Dreama Dheirg fud fad phobal na Gaeilge sna sé chontae, go háirithe i measc an aosa óig. Tháinig éileamh chun tosaigh sna campais ollscoile agus cuireadh brú ar chomhairlí áitiúla agus údaráis eile agus nochtadh an frith-Ghaelachas córasach atá fréamhaithe sa stát ó thuaidh. Cuireadh scathán os comhair an stáit agus ní frithchaitheamh forasach fáilteach a tháinig ar ais.

Spreag seo a thuilleadh muid agus diaidh ar ndiaidh mhothaigh muid ar fad go raibh tionchar á imirt againn ar dhearcaí an phobail i leith stádas na Gaeilge sa tsochaí. Tá seo go huile is go hiomlán bunaithe ar mhacántacht ár ngnímh agus réasúntacht ár n-éilimh. Bhris muid trí dhíoscúrsa diúltach na bpáirtithe polaitiúla ar an cheist seo le daonnacht dhearg dhícheallach. Léirigh muid don mhórshochaí agus grúpaí eile atá ag lorg a gceart go bhfuil ionchur againn uilig mar shaoránaigh agus nach lucht féachana amháin muid sa phróiseas daonlathach; tá cumhacht againn tionchar a imirt ar mhórcheisteanna an lae agus má tá fís againn agus muid eagraithe is féidir linn, in amanna, éachtaí a bhaint amach.

Is ceacht tábhachtach dúinn uilig é sin agus ceapaim gur sin an fáth a raibh níos mó áthais ná fearg le mothú ar an Satharn spleodrach sin. Leis an chóras eacnamaíochta agus polaitiúil atá i mbarr réime faoi láthair, tá sé éasca agus intuigthe a bheith éadóchasach faoin todhchaí. Cuirtear inár luí arís agus arís eile go bhfuil muid fiáin mar speiceas agus go bhfuil córas rialacháin lochtach, teoranta riachtanach chun ord agus eagar a choinneáil ar an saol. Is miotas é sin a chum lucht na cumhachta chun muid a dhíspreagadh agus chun amhras a chothú eadarainn. Nuair atá cúis againn teacht le chéile ar cheisteanna comónta, nochtann muid ár gcumhacht choitianta agus ár ndaonnacht cheanúil. Mar a dúirt an t-údar iomráiteach Rúiseach, Anton Chekhov, ‘Éireoidh an duine níos fearr ach a chuid dóigheanna a thaispeáint dó’ agus nuair atá deis againn na tréithe is fearr den chine daonna a thaispeáint; dlúthpháirtíocht neamhleithleasach, spreagann sin an mórphobal thart orainn ar bhealach a mbriseann fríd an diúltachas scriosach atá ag tiomáint mórfhórsaí cumhachta an domhain. Is ábhar dóchais é sin dúinn ar fad do na cathanna móra atá os ár gcomhair amach.

Níos mó