Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-mo-threimhse-ar-erasmus-tagtha-chun-criche…’

‘Tá mo thréimhse ar Erasmus tagtha chun críche…’

| aifric ni scolai | ,

Tá mo thréimhse ar Erasmus tagtha chun críche agus tá obair an tseimeastair ag breith suas liom. Bhí mo léacht deireanach in Ollscoil Jean Jaurès agam ag tús na míosa– litríocht na méanaoise – agus thosaigh na scrúdaithe seachtain ina dhiaidh

Is fada liom go mbeidh siad déanta agus dearmadta agam. Ach tá sé deacair a ghabháil i mbun staidéir agus an ghrian ag scaladh anuas orainn. Chúig scrúdú uilig agam, agus trí seachtainí de shaoire idir an ceathrú scrúdú agus an cúigiú ceann. D’imigh an t-am thar lear de léim, agus an dara seimeastar seacht n-uaire níos gnóthaí ná an chéad cheann. Tá sé socraithe agam go bhfanfaidh mé píosa eile anseo sa Fhrainc – níl an aimsir ach díreach tosaithe a ghabháil in athraíocht anois, agus ní fhéadfainn a ghabháil abhaile gan dath na gréine tolgtha agam! 

Ceann de phléisiúir bheaga an mhic léinn i nGaillimh ná gabháil ag an bPóirse Caoch le taitneamh a bhaint as an dea-aimsir. Tá sé de nós againn in Éirinn (nó i measc mo chomhluadar-sa pé scéal é) a ghabháil ar an tear a luaithe agus a thosaíonn an ghrian anuas orainn. Téann dualgaisí ollscoile i dtraipisí agus téanann muid linn chuig beár na hollscoile le cúpla pionta a bheith againn. Aoibhinn beatha an scoláire gan dabht. 

Creidimse go bhfuil sé tábhachtach taitneamh a bhaint as a bhfuil agat, agus dá bhrí sin feictear dom gur chóir taitneamh a bhaint as an aimsir mhaith a fhad agus atá sí linn, mar gur cinnte nárbh fhada go mbeidh sé ag doirteadh báistí arís. Iontach an leithscéal é sin, agus tú cinnte faoi éiginnteacht na haimsire. 

Ní hionann agus an leithscéal céanna a úsáid i ndeisceart na Fraince. Ní hé go mbeidh aon ghanntan gréine orainn an samhradh seo. Mar sin féin, tá sé deacair cuireadh chun cóisireachta a dhiúltú. Ach mar a deirim liom, ní bheidh an deis seo arís agam.

Tháinig muid ar áit a dhíolann pionta ar trí euro coicís ó shin atá idir an stáisiún metro agus an ollscoil, agus is sin é a rinne an diabhal. Ní bhfaighidh tú pionta in áit ar bith eile sa gcathair faoi €6.90, ach amháin le linn happy hour (agus níl a fhios agam cén mí-ádh a bhíonn orainn, ach cailleann muid amach air i gcónái!). Is beagnach gur féidir a rá gur ag sábháilt airgid atá muid! Buíochas le Dia nár tháinig muid air níos luaithe. 

Cé go bhfuil súil agam a bheith réidh leis an ollscoil agus na scrúdaithe, ciallóidh sé sin go bhfuil an tréimhse Erasmus thart. Beidh orm slán a fhágáil le Jean Jaures, le Tououse agus leis na cairde atá déanta agam ó tháinig mé. Ach sin rud a chuirfidh mé ar an méar fhada (chomh maith leis an mile rud eile, staidéar ar cheann acu)– tá mí fós agam agus tá sé i bhfad róluath le tosaí ag aireachtáil uaigneach ina dhiaidh! 

Níos mó