Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘an-bal-aiteach’-ar-siul-i-bac-amarach

‘An Bál Aiteach’ ar siúl i BÁC amárach

| sean o dubhchon | ,

Tá mí an Bhróid faoi lán seoil agus tá réimse iontach imeachtaí á reáchtáil ar fud na tíre. Beidh deis iontach ag pobal na Gaeilge ceiliúradh a dhéanamh ar Bhród an deireadh seachtaine seo nuair a reáchtálfar an Bál i gClub Chonradh na Gaeilge. Amárach an 18 Meitheamh a bheidh An Bál Aiteach ar siúl, imeacht atá maoinithe ag Bród Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath le Gaeilge, Seachtain na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge. 

Ach cad atá i gceist le Bál Aiteach? Tháinig an smaoineamh ón gcultúr báil a bhí i mbarr a réime sna hochtóidí in New York. Ba iad baill de na pobail aeracha agus aiteacha, an pobal trasinscneach, an pobal Meiriceánach Afracach agus an pobal Meiriceánach Laidineach a bhíodh ag glacadh páirte sna báil den chuid is mó. Bhíodh comórtais ar ardáin thaispeána ríthábhachtach ag na báil seo. Rinneadh measúnú ar scileanna rince na n-iomaitheoirí chomh maith le caighdeán na bhfeisteas agus an draig a bhí á chaitheamh acu. 

Tá an cultúr báil faoi chaibidil sa scannán faisnéise iomráiteach Paris Is Burning, a stiúir an scannánóir Jennie Livingston in imeacht sé bliana ag deireadh na n-ochtóidí. D’fhág an cultúr báil lorg buan ar an phobal i gcoitinne, go háirithe nuair a smaoinímid ar rincí ar nós ‘vógáil’ a thosaigh amach ag na báil seo. 

Beidh an cultúr báil ina thionchar mhór ar an mBál Aiteach a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo, mar go n-iarrfar ar gach duine a bheidh ag freastal gléasadh suas. Ag coinneáil le traidisiún na mbál in New York, beidh catagóirí feistis ann agus is féidir roghnú ó cheithre chatagóir don Bhál Aiteach: Is í do Mhamó í; CLG/GAA Realness; Opulence Ghradaim an Oireachtais; agus Vógáil ar an sean-nós. 

Beidh tráthnóna iomlán imeachtaí i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchairmar chuid den imeacht spleodrach seo. Beidh beárbaiciú ar siúl óna cúig a chlog ar aghaidh. Beidh biongó ceoil á chur i láthair ag Kevin Johnston agus cloisfear ceol le Bandia, grúpa a thosaigh amach le gairid nuair a tháinig Lauren Ní Chasaide, Aidan O’Leary agus Jill McMahon le chéile d’Fhéile na Gealaí ag Féile Pádraig i mbliana. Casfaidh siad ag an ócáid speisialta seo, seachtain tar éis dóibh seit iontach a dhéanamh ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn Ghlas na Mí.

Is í an bhanríon draig Celtic Tigress a dhéanfaidh óstáil ar an ‘catwalk agus catagóirí’. Gan amhras, beidh an Bál Aiteach lán de chraic agus cruthaitheacht, agus muid ar fad ar bís feiceáil conas mar a bheidh na hiomaitheoirí ar fad gléasta. 

Tá an ócáid a reáchtáil ag AerachAiteachGaelach, comharghrúpa ealaíon a bhunaigh Ciara Ní É agus Eoin McEvoy in Amharclann na Mainistreach ag tús 2020.

Beidh an Bál Aiteach ar siúl ó 17:00 i gClub Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 ar an 18 Meitheamh. 

Níos mó