Deir Foras na Gaeilge go mbeidh “dúshláin go leor le sárú” maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua don Ghaeilge ó thuaidh agus go mbeidh gá le “forbairt” a dhéanamh ar chumhachtaí an Achta amach anseo.
Tá an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) á phlé in Westminster i láthair na huaire agus tá beirt Choimisinéirí Teanga le ceapadh, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta le bunú faoin reachtaíocht.
Agus é ag labhairt ag Dara Léamh an bhille i dTeach na dTiarnaí an tseachtain seo, dúirt an Tiarna Caine, Fo-Rúnaí Stáit Parlaiminte do Thuaisceart Éireann, gur thuig Rialtas na Breataine go gcaithfí a bheith cúramach nach gcuirfeadh na húdaráis nua seo isteach ar an obair atá ar bun ag eagraíochtaí trasteorann atá ag feidhmiú ó thuaidh cheana féin, amhail Foras na Gaeilge.
Ceann de na feidhmeanna a bheidh ag an oifig chultúir agus féiniúlachta faoin reachtaíocht ná “tacaíocht a thabhairt d’oidhreacht chultúrtha agus teanga na ndaoine ar fad i dTuaisceart Éireann agus ceiliúradh na hoidhreachta sin a chur chun cinn”.
Beidh údarás aige maoiniú a dháileadh chun an sprioc sin a bhaint amach.
Is é an ról a bheadh ag Coimisinéir Teanga na Gaeilge ná an teanga a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí.
Dúirt an Tiarna Caine gur gá go mbeadh na húdaráis nua seo in ann “comhoibriú” agus “dul i gcomhairle” leis na forais teanga sheanbhunaithe.
“Tuigeann an Rialtas ar ndóigh go bhféadfadh tionchar a bheith ag na trí údarás poiblí nua seo ar chreat bunreachta Thuaisceart Éireann atá tomhaiste go cúramach, an eagraíocht teanga thuaidh theas agus institiúidí chearta an duine san áireamh,” a dúirt sé.
“Ar an gcúis sin, beidh na trí údarás poiblí nua, agus iad i mbun a gcuid oibre, ábalta más gá comhoibriú leis na forais teanga agus chearta an duine i dTuaisceart Éireann, amhail Gníomhaireacht na hUltaise agus Foras na Gaeilge ar bhuail mé leo an tseachtain seo caite i mBéal Feirste. Tagann sé sin leis an bhfís a léiríodh i Ré Nua, Cur Chuige Nua.”
Bhí an Tiarna Caine i mBéal Feirste an tseachtain seo caite chun bualadh le Foras na Gaeilge, Gníomhaireacht na hUltaise agus eagraíochtaí teanga eile chun an bille a phlé.
Dúirt Foras na Gaeilge le Tuairisc gur chuidigh an “cruinniú cúirtéise” leo tuiscint a fháil ar céard go díreach a bhí sa bhille, ar na próisis éagsúla a bhain le haistear an bhille trí chóras parlaiminte na Breataine agus ar na socruithe atá beartaithe ag Rialtas na Breataine sa chás nach mbeadh an feidhmeannas ó thuaidh ábalta ghníomhú de réir na reachtaíochta.
Maidir le haon údar imní atá ag an eagraíocht teanga trasteorann faoin tionchar a d’fhéadfadh an reachtaíocht a imirt ar a cuid oibre, dúirt Foras na Gaeilge go bhfuil obair le déanamh chun a chinntiú go mbeidh na húdaráis éagsúla atá ag plé leis an nGaeilge ó thuaidh ag obair as lámha a chéile.
“Aithníonn Foras na Gaeilge go mbeidh athruithe le déanamh le go mbeidh na gnéithe éagsúla den chóras tacaithe stáit don Ghaeilge ó thuaidh ag obair i gcomhar le chéile agus ar bhealach comhtháite,” a dúradh.
“Aithnímid go mbeidh Foras na Gaeilge ina chuid lárnach den bhonneagar sin, agus go mbeidh ár dtaithí agus ár dtuiscintí tábhachtach agus muid ag cuidiú le dúshraith a chur faoi na gnéithe éagsúla den bhonneagar úr.”
Dúirt Foras na Gaeilge, áfach, go mbeidh leasuithe ar an reachtaíocht ag teastáil amach anseo chun a chinntiú go mbeidh sí ag tacú mar is ceart leis an nGaeilge.
“Aithnímid gur céim stairiúil í an chéad chéim seo reachtaíocht a bhunú le tacú leis an Ghaeilge. Beidh dúshláin go leor le sárú agus is cinnte go mbeidh forbairt le déanamh ar an reachtaíocht seo sna blianta atá le teacht,” a dúirt an Foras.
Tá pobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann ag feachtasaíocht le fada chun an reachtaíocht a thabhairt isteach agus tá an beart á dhéanamh anois in Westminster.
De réir an bhille, le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire thabharfadh Coimisinéir Teanga na Gaeilge isteachcóras caighdeán faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir. Dhéanfadh an Coimisinéir Teanga monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.
Chuirfeadh an reachtaíocht nua dualgas chomh maith ar Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann úsáid agus tuiscint na hUltaise a chur chun cinn agus a éascú sa chóras oideachais agus chuirfí ar ceal freisin ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin agus a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Labhair Tiarnaí i dTeach na Tiarnaí ar son agus i gcoinne an bhille in Westminster an tseachtain seo.
Dúirt ceathrar Tiarnaí as an DUP go raibh “uirlis chatha” á déanamh den Ghaeilge agus dúirt an Banbharún Kate Hoey gur “acht don Ghaeilge amháin” a bhí sa bhille a raibh “síneadh beag” ann don Ultais.
Dúirt Angela Harris, Banbharún Richmond, gur cheart an bille a thabhairt isteach a luaithe agus ab fhéidir. Leagan “an-mhaolaithe” den acht Gaeilge a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 a bhí sa bhille “ach bhí sé níos fearr ná faic”, a dúirt sí.