Tá ráite ag Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta go bhfuil “méadú mór buan” ag teastáil ar an infheistíocht a dhéantar i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge.
Léiríonn figiúirí a fuair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur tháinig laghdú 40% ar an maoiniú a tugadh don fhoilsitheoireacht Gaeilge idir 2008-2016 agus nár tháinig aon mhéadú ar an maoiniú ó shin.
2008 | €1,820,000 |
---|---|
2009 | €1,588,563 |
2010 | €1,499,917 |
2011 | €1,323,883 |
2012 | €1,259,142 |
2013 | €1,170,996 |
2014 | €1,117,395 |
2015 | €1,105,380 |
2016 | €1,061,165 |
2017 | €1,061,165 |
2018 | €1,061,165 |
2019 | €1,061,165 |
2020 | €1,061,165 |
2021 | €1,061,165 |
2022 | €1,061,165* |
“Tá infheistíocht mhéadaithe ag teastáil ar Chlár na Leabhar Gaeilge atá fós i bhfad níos lú ná mar a bhí sé in 2008,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc. “
Deir Ó Cuív go dteastódh “ar a laghad €2.5 milliún sa mbliain” as seo amach le go mbeadh an deontas ag ardú de réir an bhoilscithe.
Bhí plé faoi Chlár na Leabhar Gaeilge ar siúl i dTeach Laighean le déanaí ag cruinnithe de chuid Chomhchoiste na Gaeilge.
Ag cruinniú amháin de chuid an Choiste, dúirt stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, Deirdre Ní Thuathail, nach raibh aon “bláthú” i ndán d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge ceal maoinithe.
D’impigh sí ar an gComhchoiste moladh a dhéanamh go dtabharfaí ar ais maoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge go dtí an leibhéal a bhí ann in 2008, ar a laghad, ag rá go raibh an baol ann go mbeadh ar fhoilsitheoirí Gaeilge dúnadh mura dtarlódh sé seo.
€1.82 milliún an maoiniú a cuireadh ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2008 agus tá laghdú mór tagtha air ó shin. In 2022, €1.061 milliún an maoiniú a thug Roinn na Gaeltachta do Chlár na Leabhar Gaeilge.
I mbliana, chuir an Roinn maoiniú breise aon uaire €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge, maoiniú atá le dáileadh ar Scéim na bhFoilsitheoirí agus Scéim na Meantóirí.
Deir an Roinn go dtugann an t-allúntas breise seo maoiniú an Chláir ar ais go dtí thart ar an leibhéal ag a raibh sé in 2011.
Chuir Eamon Ó Cuív fáilte roimh an maoiniú breise aon uaire ach dúirt sé “méadú mór buan” atá ag teastáil ó Chlár na Leabhar Gaeilge.
Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar an 1 Eanáir 2008. Clár na Leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an Scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne.