Tá Peadar Mac Fhlannchadha, an gníomhaí teanga aitheanta le dul ar scor tar éis 40 bliain a chaitheamh ag obair le Conradh na Gaeilge.
Bhí Mac Fhlannchadha, arb as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe dó, ina Leas-Ardrúnaí agus ina Bhainisteoir Abhcóideachta leis an eagraíocht teanga.
Beidh sé ag éirí as mí Lúnasa.
Dúirt sé gur “pribhléid” é a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge agus “le gníomhaithe Gaeilge agus pobail fud fad na tíre”. Bhí “ómós” aige, a dúirt sé, do na daoine go léir “a sheas agus a sheasann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge agus a chinntíonn go mbronnfar an teanga ar an gcéad ghlúin eile, agus na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh siúd”.
Gan an pobal sin ní bheadh “tada” i ndán don teanga, ar sé.
“Le linn mo thréimhse oibre chuir mé aithne ar nach mór gach pobal Gaeltachta agus Gaeilge sa tír agus táim buíoch dóibh as an tacaíocht a thug siad dom i gcónaí.
“Le linn mo thréimhse oibre freisin bhí an t-ádh liom a bheith ag obair le cinnirí Gaeilge agus Gaeltachta, sa Chonradh agus in eagraíochtaí eile, a thuig cás na teanga agus a bhí sásta troid ar a son agus croí agus anam a chur sa troid sin.”
Dúirt Mac Fhlannchadha go raibh sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ó bhí sé 16 agus go leanfaidh sé air ag obair go deonach ar son na heagraíochta agus na teanga nuair a éireoidh sé as.
Mhol Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Peadar Mac Fhlannchadha as an “ról nach beag” a bhí aige i bhfeachtais éagsúla. Bhí baint mhór aige mar shampla leis an bhfeachtas chun stádas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
Bhí Mac Fhlannchadha go mór i mbéal an phobail chomh maith nuair a thóg sé cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe.
Ba é sin an chéad chás riamh ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i nGaeilge leis.
“Tá an eagraíocht buíoch do Pheadar as gach a ndearna sé linn thar na blianta agus guíonn muid gach rath air agus é ag tabhairt faoi dhúshláin nua amach anseo,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh sé “deacair foireann an Chonartha a shamhlú” gan Peadar Mac Fhlannchadha.
Laoch a bhí i Mac Fhlannchadha, a dúirt an tArd-Rúnaí.
“Roinn sé an oiread sin saineolas, taithí agus cairdis linn ar fad thar na blianta agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis as sin ar fad.
“Ní hamháin go mbíodh Peadar gníomhach sna feachtais ach bhí ról faoi leith aige i gcúrsaí Gaeltachta agus forbairt Chonradh na Gaeilge mar eagraíocht. Is laoch don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é Peadar agus beimid thíos leis amach anseo gan é linn go lánaimseartha.”