Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
teas-is-brothall-aris-san-oirthear,-e-nios-fionnuaire-san-iarthar

Teas is brothall arís san oirthear, é níos fionnuaire san iarthar

| Tuairisc.ie | ,

Tá teaspach geallta arís don lá inniu i gcuid de Chúige Laighean. 

Teas is brothall atá á ghealladh sa leath thoir den tír ach beidh fuarú beag ann – idir 22 agus 26 céim atá á thuar. 

Beidh sé níos fionnuaire san iarthar agus táthar ag súil le teocht idir 16 agus 22 céim Celsius sa gcuid thiar den tír seo.

Laethanta scamallacha a thabharfas fionnuaire chugainn atá á ngealladh an chuid eile den tseachtain. 

Dúirt Evelyn Cusack, ceannasaí Met Éireann go raibh “tonn teasa bheag” sa tír faoi láthair. Teocht os cionn 25 céim Celsius cúig lá as a chéile a bhíonn ag teastáil chun go mbeadh ‘tonn teasa’ go hoifigiúil againn.

Bhí tuairiscí ag Met Éireann inné go raibh an teocht 33 céim Celsius ag an stáisiún aimsire i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ag a 1.00pm.

Tuairisc shealadach í seo ach má dheimhnítear í, beidh sin ar an teocht is airde a taifeadadh riamh i mí Iúil sa tír seo, níos airde ná aon teocht a cláraíodh sa gcéad seo caite ná ó thús an chéid seo. 

Ag Caisleán Chill Chainnigh sa mbliain 1887 a bhí an teocht is airde atá againn ar an taifead – 33.3C. Seasann Met Éireann fós leis sin mar an lá is teo ó tosaíodh ag taifeadadh ach táid ann a cheapann go bhfuil athbhreithniú riachtanach. 

An dara lá de Lúnasa 1990 is teo a bhí sé i mBaile Átha Cliath  go dtí teas mór an lae inné.

Ag 1.06pm inné, cláraíodh 33.4 céim Celsius ag stáisiún aimsire in Áth Troim i gcontae na Mí. Sin le rá go raibh sé 0.1 céim níos teo ansin inniu ná ag Caisleán Chill Chainnigh in 1887, ach toisc gur figiúr neamhoifigiúil é, ní chuirfear teas Átha Troim ar an taifead. 

Tá roinnt stáisiún aimsire eile sa tír ina raibh an teocht os cionn 30 céim Celsius  inniu, an lá is teo go dtí seo in 2022 -Aeradróm Mhic Easmainn i gcontae Átha Cliath, Páirc na Darach i gcontae Cheatharlach, Sionainn i gcontae an Chláir agus Mount Dillon i gcontae Ros Comáin.

Teas a bhí á thuar aréir freisin –teocht idir 14 agus 18 céim i rith na hoíche. 

Níos mó