Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-chead-chuairt-ag-marty-walsh-ar-chonamara-o-ceapadh-ina-bhall-de-rialtas-mheiricea-e

An chéad chuairt ag Marty Walsh ar Chonamara ó ceapadh ina bhall de Rialtas Mheiriceá é

Tá lá stairiúil le bheith in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna i gConamara ar an 17 Meán Fómhair ach a mbeidh Marty Walsh, ball de rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, i láthair ag ócáid ansin.  Mac le  himirceoirí as Gaeltacht Chonamara é Marty Walsh agus sé a d’oscail Ionad Cuimhneacháin na nImirceach go hoifigiúil i gcomhar le haire na Gaeltachta san am sin, Joe McHugh, ceithre bliana ó shin.  Tarlaíonn sé anois go bhfuil sé ag teacht ar ais agus obair ar an dara céim forbartha ar an Ionad i gCarna, ar na bacáin.

Beagán le cois ceithre bliana ó shin a bhí Marty Walsh – bhí sé ina Mhéara ar chathair Boston san am sin –  i gConamara go deireanach.   Ó shin i leith, tá céim ollmhór faighte sa bpolaitíocht ag Marty Walsh agus é ceaptha ina Rúnaí Saothair i Rialtas an Uachtaráin Joe Biden.

Beidh Marty Walsh ag labhairt sa Seanad i mBaile Átha Cliath ar an 14 Meán Fómhair agus beidh sé ag triail ar cheantar dúchais a mhuintire i gConamara ina dhiaidh sin ait a gcasfaidh sé le daoine muinteartha agus le cairde leis.  Táthar ag soiléiriú i Washington nach mbeidh Marty Walsh i gConamara mar ionadaí thar cheann Rialtas Mheiriceá agus gur dá dheoin féin atá sé ag casadh leis an bpobal ar an 17 Meán Fómhair.

Sí an ócáid in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta an t-aon imeacht phoiblí a bheidh aige i gConamara sula bhfillfidh sé ar na Stáit Aontaithe.

Coiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gcomhar le Údarás na Gaeltachta a bheidh i bhfeighil na hócáide i gCarna ar an 17 Meán Fómhair.   Ach fiú agus nach ócáid pholaitiúil no Rialtais a bheidh inti, beidh lucht slándála ar an airdeall agus iad ag teacht as Meiriceá go Carna faoi cheann seachtaine le réamhscrúdú a dhéanamh ar Ionad na nImirceach, agus comharsanacht an Ionaid.  Fiú agus go raibh roinnt slándála i bhfeidhm nuair a tháinig Marty Walsh go Conamara roimhe seo beidh an ghardáil níos iomláine, agus níos feiceálaí, an iarraidh seo.  Beidh na Gardaí bainteach leis an tslándáil seo freisin.

Bliain go hearrach seo caite a ceapadh Marty Walsh ina Rúnaí Saothair i Rialtas na Stáit Aontaithe.  Ba ag an tráth sin a d’fhág Marty Walsh a phost mar Mhéara ar Boston.   Faoi dhó a toghadh an Breathnach mar Mhéara ar Boston – in 2013 i dtosach agus arís in 2017.  Tá eolas curtha air go forleathan sna Stáit Aontaithe ó shin agus tá an fhostaíocht láidir sa tír anois.  Bhí tréimhse chruógach aige le cúpla bliain de bharr ghéarchéim an víris Covid-19.  Idir an dá linn, tá beartais curtha i bhfeidhm aige ó thaobh ceart oibrithe, cearta ballraíochta i gceardchumainn agus stádas na mban sa gcóras fostaíochta.  Is minic le Marty Walsh a bheith páirteach in agallaimh ar stáisiúin theilifíse agus raidió sna Stáit Aontaithe agus tuigtear go bhfuil cairdeas pearsanta idir é féin agus an tUachtarán, Joe Biden.

Dúirt Marty Walsh, in agallamh a thug sé do Tuairisc aimsir na Féile Pádraig i mbliana go mbeidh sé ag iarraidh Joe Biden a thabhairt go Conamara ach a dtiocfaidh an tUachtarán ar cuairt go hÉirinn.

As Ros Cide i Ros Muc í máthair an Rúnaí Saothair – sin í Máire Bean an Bhreathnaigh, no Mary Joe Pheadar (Ní Mháille) roimh phósadh di. Cónaíonn sí in Dorchester in Boston.  Ba as Caladh Mhaínse i gCarna a athair, John Mháirtín Tom Bhreathnaigh.  Bhásaigh John roinnt blianta ó shin.

Thosaigh Marty Walsh amach sa bpolaitíocht nuair a bhuaigh sé suíochán i Parlaimint Stáit Massachusetts i 1996.   Roimhe sin, bhí sé ina bhall de Cheardchumann na nOibrithe Tógála in Boston agus bhíodh sé ag obair ar shuíomanna.   Bhí baint mhór ag na Breathnaigh le hobair an cheardchumainn agus bhí uncail leis, Pat Walsh as Caladh Mhaínse ina cheannasaí ar an gcraobh den Cheardchumann ar a dtugtaí ‘Local 223’.

Le himeacht na mblianta, ceapadh Marty Walsh ina Stiúrthóir ar Chomhshnaidhm na gCeardchumann Tógála i Stát Massachusetts.   Bhí Pat Walsh an-ghníomhach sna feachtais toghchánaíochta agus bhí uncail ar thaobh a mháthar, Peter O’Malley, ina thaca an-mhór aige freisin, chomh maith le go leor eile de mhuintir Chonamara in Boston.

Glacadh leis go forleathan go mba éacht a bhí ann nuair a bhuaigh sé post an Mhéara in Boston faoi dhó.  Bhí an lear Éireannach agus Gael-Mheiriceánach laghdaithe in Boston thairis mar a bhíodh agus bhí an cine geal gafa ina mionlach sa gcathair.  Ach d’éirigh le Marty Walsh tacaíocht a fháil I measc mórán chuile chine agus bhí a thacaíocht i measc an chine dhuibh suntasach.

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go gcuireann sé féin agus an tÚdarás “fíorfháilte” roimh an Rúnaí Saothair.

“Cara an-mhór leis an nGaeltacht uilig é Marty Walsh. Cara an-mhór freisin é Marty le hIonad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta,”a deir Micheál Ó hÉanaigh.  Dúirt Micheál Ó hÉanaigh go bhfuil sé “ag súil go mór le Marty Walsh a fheiceáil sa mbaile agus go bhfuil súil aige go dtreiseoidh an ócáid seo leis an gcumarsáid agus an ceangal idir diaspóra na Gaeltachta i chuile áit”.

I ráiteas a d’eisigh Coiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta, dúradh go raibh “áthas an domhain’ orthu go raibh Marty Walsh ag teacht ar ais arís.   Dúradh go rabhthas ag súil go láidir nach fada i ndiaidh na cuairte seo no go mbeadh an dara céim forbartha ar an Ionad ag tosú.

Níos mó