![gailearai:-emma-dabiri-agus-carrie-crowley-i-measc-na-n-aionna-ag-scoil-samhraidh-ghleann-cholm-cille](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F08%2F56134-gailearai-emma-dabiri-agus-carrie-crowley-i-measc-na-n-aionna-ag-scoil-samhraidh-ghleann-cholm-cille.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=f1992d80)
GAILEARAÍ: Emma Dabiri agus Carrie Crowley i measc na n-aíonna ag Scoil Samhraidh Ghleann Cholm Cille
Bhí an scríbhneoir Béarla mór le rá Emma Dabiri agus an t-aisteoir aitheanta Gaelach Carrie Crowley i measc na n-aíonna a bhí i láthair ag Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir Oideas Gael 2022 a reáchtáladh i nGleann Cholm Cille ag deireadh na míosa seo caite. Bhí “athchaidreamh agus ceiliúradh” le n-aireachtáil ar an gcúrsa seachtaine, a dúirt urlabhraí de chuid an choláiste Gaeilge, agus scoláirí fásta fillte ar Ghaeltacht Iardheisceart Thír Chonaill den chéad uair ó cuireadh cúrsaí na bliana 2020 ar ceal de dheasca an víris chorónaigh.
“Tá lúcháir ar fhoireann Oideas Gael go bhfuil a cuid cúrsaí teanga agus cultúir do dhaoine fásta i nGaeltacht Thír Chonaill faoi lánseol arís i ndiaidh dhá bhliain chorracha ó thús na paindéime. Cuireadh tús le clár samhraidh Oideas Gael ar an 4 Meitheamh i mbliana agus ó thús mhí Iúil d’fhreastail breis agus céad duine in aghaidh na seachtaine ar na cúrsaí,” a dúradh.
Reáchtáladh cúrsaí teanga ar gach leibhéal agus cúrsaí saoire gníomhaíochta faoin gceol, faoin ealaín, faoi chúrsaí timpeallachta agus ábhair eile san ionad i nGleann Cholm Cille, chomh maith le cúrsaí i saibhreas na Gaeilge i dToraigh agus cúrsaí eile sa Ghaeltacht Láir.
Taispeánadh an scannán mór An Cailín Ciúin ag ócáid speisialta i nGleann Cholm Cille le linn na scoile samhraidh, ócáid ag ar labhair an t-aisteoir Carrie Crowley agus Deirbhile Ní Churraighín ó TG4. Cuireadh Emma Dabiri as Baile Átha Cliath faoi agallamh agus an téama ‘An Strainséir sa Teanga’ á phlé ag Ray agus Macdara Yeates.