Jack Warnock
Albam úr Jack Warnock ar na bacáin
Beidh albam úr de chuid an cheoltóra óig Jack Warnock ag teacht amach ag deireadh na míosa seo.
‘Le Solas Faoithine’ an t-ainm atá ar an albam, ainm a tháinig chun cinn agus Jack ag amharc ar luí na gréine gach lá le linn na dianghlasála.
Seolfar an t-albam ar an 29 Meán Fómhair in Amharclann an Marketplace in Ard Mhacha. Beidh deiseanna eile ann Jack a fheiceáil ag seoladh an albaim sa Chultúrlann i nDoire, ag an Choire i gCarn Tóchair agus in Ionad an Duncairn i mBéal Feirste.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin albam agus faoi cheol Jack ar a shuíomh idirlín nó ar a leathanach Facebook Jack Warnock Music.