Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
banrion-shasana,-eilis-ii,-ar-shli-na-firinne

Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne

| Tuairisc.ie | , ,

Tá banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne.

Bhí sí 96 bliain agus í ar an monarc is faide i réim riamh ina tír.

In 2015 sháraigh sí fad réim na Banríona Victoria, a sin-sin-sin-seanmháthair, a bhí beagnach 64 bliain i gcoróin.

Rinneadh ceiliúradh ar 70 bliain theacht i gcoróin Eilís II ar an 6 Feabhra i mbliana.

Rugadh í ar an 21 Aibreán 1926 agus corónaíodh í ar na 2 Meitheamh 1953 in Westminster Abbey. Ba é an chéad searmanas corónaithe a craoladh ar an teilifís.

Phós sí prionsa as an nGréig agus leifteanant sa chabhlach Philip Mountbatten, i 1947. Ceathrar páistí a bhí acu, an Prionsa Charles, an Banphrionsa Anne, an Prionsa Andrew agus an Prionsa Edward. Bhásaigh Philip Mountbatten anuraidh agus é 99 bliain.

Léargas ar fhad a réime é go raibh Josef Stalin, Mao Zedong Harry Truman agus Winston Churchill ina gceannairí ar a dtíortha nuair a tháinig sí i gcoróin.

Ba í Liz Truss, a cheap sí ina príomh-aire an tseachtain seo i mBaile Morail na hAlban, an 15ú príomh-aire ar an mBreatain ó corónaíodh í agus bhí 14 uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa tréimhse chéanna.

Tuairiscíodh inné go raibh lucht leighis buartha faoi shláinte na Banríona agus bhí sí faoi chúram dochtúra ar feadh tamaill.

Cuireadh fios ar a muintir agus tháinig siad go dtí Caisleán Bhaile Mhorail in Albain chun a bheith ina teannta.

Thug an Bhanríon cuairt stairiúil ar Éirinn in 2011. Cé go raibh sí go minic sa Tuaisceart ba í an chuairt an bhliain sin an chéad uair gur sheas monarc as Sasana sa deisceart ó bhí a seanathair, An Rí George V, ar thuras timpeall na hÉireann i 1911, tráth a raibh an tír go léir faoi smacht na Breataine.

Le linn di a bheith anseo in 2011 thug Eilís II óráid faoin gcaidreamh idir an dá thír a thuill ardmholadh. Tugadh suntas chomh maith don scéal gur i nGaeilge a chuir sí tús lena hóráid. “A Uachtaráin, agus a chairde…” a dúirt sí, ráiteas a thug ar Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese ‘Wow’ a rá trí bhabhta.

Ba í Elizabeth an iníon is sine ag an bPrionsa Albert, diúc York agus mac George V, agus a bhean Elizabeth Boews-Lyon. Ba í an léiroidhre don choróin í ón uair a thug a huncail Edward VIII suas an choróin. Nuair a d’éirigh Edward as i 1936, rinneadh rí dá hathair, George VI.

Le linn an dara cogadh domhanda agus an Blitz chaith sí féin agus a deirfiúr an Prionsa Margaret Rose formhór a gcuid ama i gCaisleán Bhaile Mhorail in Albain agus i Windsor.

Ba mhinic í ag taisteal mar Bhanríon. Chuaigh sí ar chamchuairt ar an Eoraip agus thug sí cuairt ar Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1957. I 1961, ba í an chéad mhonarc de chuid Shasana le  caoga bliain chun cuairt a thabhairt ar fho-ilchríoch na hIndia. I 1968, ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar Mheiriceá Theas agus i 1979 ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar thíortha Mhurascaill na Peirse.

Thuig sí go raibh gá le nuachóiriú a dhéanamh ar an monarcacht agus thug sí cead isteach go dtí an teaghlach do na ceamaraí teilifís le linn na 1970idí. I 1978 thug sí a beannacht do chur ar eal phósadh a deirféar.

Sna 1990idí is mó a tugadh a dúshlán mar Bhanríon agus thug sí annus horribilis ar an mbliain 1992. An bhliain sin scair an Prionsa Charles agus a bhean Diana Spencer, Banphrionsa na Breataine Bige óna chéile agus scair an Prionsa Andrew óna bhean, Sarah, bandiúc York. Fuair an Banphrionsa Anne colscaradh agus dódh Caisleán Windsor an bhliain chéanna.

Bhí géarchéim eacnamaíochta ann chomh maith a d’fhág go raibh saibhreas an teaghlaigh ríoga ina údar cainte mór i measc an phobail. D’fhógair an Bhanríon go n-íocfadh sí cáin feasta ar a teacht isteach príobháideach.

Chuaigh rudaí in olcas i 1997 nuair a fuair Banríon na Breataine Bige Diana bás. Bhí an ghoimh ar dhaoine nuair a dhiúltaigh an Bhanríon an bhratach a chrochadh ar leathcheann os cionn Phálás Buckingham mar chomhartha ómóis do Diana.

D’éirigh leis an mBanríon teacht aniar a dhéanamh ina dhiaidh sin agus cé go raibh conspóidí eile ann, amhail cinneadh an Phrionsa Harry agus a bhean Meghan Markle éirí as a gcúraimí ríoga, bhí cion ag mórán de mhuintir na Breataine ar Eilís II, a monarc is faide réime riamh.

Níos mó