Tabharfaidh an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette Devlin McAliskey agus iar-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, Jeremy Corbyn, cuairt ar an nGaeltacht an deireadh seachtaine seo chun páirt a ghlacadh i gcomhdháil faoi chúrsaí polaitíochta.
Tá an chomhdháil ‘Scoil Chois Claí’ le reáchtáil in Inis Oírr amach ó chósta na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus léachtaí, ceardlanna, díospóireachtaí agus seisiúin cheoil ar siúl thar trí lá.
Is í seo an chéad uair den fhéile, atá eagraithe ag an ngrúpa Left Bloc, a bheith ann agus beidh thart ar scór aoichainteoir i láthair. Is i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh na hócáidí á reáchtáil.
Tá béim ar leith á cur ag na heagraithe ar “chliseadh na haeráide agus ar “na chéad chórais eile” a bheith ag teastáil.
Tá an fhéile á reáchtáil in Áras Éanna, ionad ealaíne ar Inis Oírr, Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus tá na ticéid ar fad díolta amach cheana féin.
Beidh Bernadette Devlin McAliskey agus Jeremy Corbyn faoi agallamh oíche Dé hAoine. I measc na ndaoine eile a dhéanfaidh cur i láthair ag an bhféile, beidh an gníomhaí timpeallachta Saoirse McHugh; Sinéad Mercier, léachtóir le dlí agus comhshaol i UCD; Kerron Ó Luain ón ngrúpa Misneach; agus Victoria Sandino, idirbheartaí síochána ón gColóim.
Chomh maith leis na léachtaí agus an chaint, beidh seisiúin cheoil ar bun freisin sna tithe tábhairne ar an oileán, Tigh Ned, Tigh Ruairí agus Óstán Inis Oírr.
Grúpa de chuid na heite clé é Left Bloc a bunaíodh in 2020 agus ceardchumannaithe, gníomhaithe timpeallachta, gníomhaithe polaitiúla agus gníomhaithe teanga atá ina mbaill de.