Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘caithfidh-ulaidh-na-cluichi-as-baile-a-bhuachan-mas-maith-leo-an-corn-a-thabhairt-abhaile’

‘Caithfidh Ulaidh na cluichí as baile a bhuachan más maith leo an corn a thabhairt abhaile’

| jeff neville | ,

Chaill Mumha as baile in aghaidh Caerdydd, chaill Connacht as baile in aghaidh Uladh, agus bhuaigh Laighin in aghaidh Zebre san Iodáil. Ní tús iontach a bhí ann do Mhumhain na Connachta, ach is dóigh go raibh muid ag súil leis na torthaí seo. 

Tá foireann nua bainistíocht ag Mumhain agus tógann rudaí tamall chun socrú síos. Ó thaobh Chonnacht de, is áit fhíordheacair í Staid Kingspan chun bua a fháil. Ach dúshláin dhifriúla a bheidh os comhair na gcúigí an deireadh seachtaine seo.

Thaistil Connacht chuig an Afraic Theas cúpla lá ó shin agus beidh siad ag tabhairt aghaidh ar na Bulls agus na Stormers (dhá fhoireann a shroich an babhta ceannais URC anuraidh). Dhá chluiche chrua fhisiciúla a bheidh ann, ach ní bheidh imreoirí náisiúnta na bhfoirne seo ar fáil dóibh; beidh siadsan ag imirt in aghaidh na hAirgintíne. 

Níl ach cluiche amháin imeartha ag Connachta agus mar sin beidh siad lán d’fhuinnimh, agus beidh imreoirí náisiúnta ag teacht isteach san fhoireann freisin. Cé gur dhá chluiche fhisiciúla a bheidh ann, oireann an stíl imeartha atá acu. Agus ná bíodh ionadh ort má fhaigheann siad bua amháin i gceann de na cluichí seo.

Beidh Mumha ag taisteal go dtí an Bhreatain Bheag arís chun aghaidh a thabhairt ar na Dragons, foireann a chaill go leor cluichí anuraidh agus in aghaidh Dhún Éideann seachtain ó shin freisin. Tá brú ar na Dragons bua a fháil; tháinig bainisteoir na Dragons, Dean Ryan, amach tar éis gur chaill siad agus dúirt sé go raibh an locht ar na himreoirí gur chaill siad an cluiche. Deis mhaith atá ann do Mhumhain an chéad bhua den séasúr a fháil agus tá súil agam go dtarlóidh sé, fiú agus Mumha ag imirt as baile.

Tar éis cluiche corraitheach in aghaidh Zebre seachtain ó shin, cluiche a bhí i bhfad níos cóngaraí ná mar a cheap go leor daoine, beidh Laighin ag tabhairt aghaidh ar Benetton an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath. Bhí Zebre go maith seachtain ó shin agus b’fhéidir go raibh bua tuillte acu, ach d’éirigh le Laighin sa chluiche agus beidh siad níos fearr arís an deireadh seachtaine seo. 

Roimh an gcluiche in aghaidh Zebre ní raibh ach cluiche amháin imeartha ag Laighin. Ar nós na Mumhan, tógann sé tamall chun rudaí a shocrú síos. Ceartóidh Laighin na botúin a rinne siad, beidh siad i bhfad níos cruinne sa chosaint, agus beidh dúshlán ollmhór ós comhar Benetton.

Beidh Ulaidh ag taistil chuig an mBreatain Bheag freisin don chluiche in aghaidh na Scarlets. An rud faoi Ulaidh ná, fiú nach mbeidh siad ag imirt sa bhaile, tá an fhoireann acu chun an jab a dhéanamh. Ceapaim go bhfuil deis ag Ulaidh corn a bhuachan i mbliana agus má tá siad chun é sin a dhéanamh, caithfear na cluichí as baile a bhuachan. Tá móiminteam tábhachtach sa spórt agus beidh Ulaidh ag iarradh leanúint ar aghaidh leis an tús maith a bhí acu seachtain ó shin.

Mar fhocal scoir, is dóigh go bhfuil fios ag gach duine faoin gcruachás ina bhfuil Wasps agus Worcester Warriors faoi láthair. Níl ach meas agam do na daoine atá ag obair go dian (agus i roinnt cásanna, saor in aisce) ar son na gclubanna. Tá súil agam go mbeidh gach rud ceart go leor don dá chlub, go mbeidh postanna fós ag gach duine a bhaineann leo, agus nach gcaillfimid na clubanna iontacha stairiúla seo.

Níos mó