Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘fagfad-sa-gradam-ui-shuilleabhain-ag-diarmuid-johnson’

‘Fágfad-sa Gradam Uí Shúilleabháin ag Diarmuid Johnson’

| Seaghan Mac An tSionnaigh | ,

Is é Seacht dTír Seacht dTeanga an leabhar is déanaí leis an scríbhneoir Gaeilge is bisiúla dá bhfuil ann, sin é Diarmuid Johnson. Go deimhin, ós rud gur mar sin a mhúnlaíos an chéad abairt i m’alt léirmheastóireachta, is gearr go mbeidh an leabharmheas seo uaim as dáta óir is gearr eile go bhfoilseofar athleabhar ó pheann Dhiarmada, sin é Ceallach – Cín Lae Firéin AD 590-620. Idir an dá linn, tá Seacht dTír Seacht dTeanga ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin Oireachtas na Gaeilge, sin é gradam Leabhar na Bliana 2022. Gach rath ort a Dhiarmuid Johnson, fágfad agatsa Gradam Uí Shúilleabháin!

I dteideal an leabhair tá leid shoiléir le fáil ar an ábhar a phléitear inti, nó más amhlaidh nach leor san de leid duit, is éard a thug Eoin P. Ó Murchú ar Seacht dTír Seacht dTeanga mar chuid dá shraith siúd físeán YouTube ‘Leabhar-Mheas’ ná “cuntas taistil agus cuntas saoil ar shaol Dhiarmuda”. 

Sórt Künstlerroman ar chuma A Portrait of the Artist as a Young Man an tSeoigigh is ea é mar sin, agus i saothar so Dhiarmuda tá prós srutha comhfheasa a chuirfeadh an leabhar céanna i gcuimhne do dhuine. Tá sé de chosúlacht eile idir Seacht dTír Seacht dTeanga agus A Portrait of the Artist as a Young Man gur foilsíodh réamhshleachta díobh in irisí sular cuireadh os comhair an tsaoil iad mar fhoilseacháin chríochnaithe iad.

Foilsíodh cuid de A Portrait of the Artist as a Young Man san iris The Egoist sa bhliain 1914, cuirim i gcás. Ar an gcaoi chéanna, i gcaibidil na Gearmáine in Seacht dTír Seacht dTeanga, tá cur síos ar chruinniú Dhiarmuda le príomhamhránaí Corax Corvus, “grúpa págánach Gotach”, agus is é an cur síos céanna a bheag nó a mhór a bhí le fáil in alt a foilsíodh ar beo.ie sa bhliain 2013. 

Bhí Corax Corvus ag ullmhú a n-albaim Gimlie an t-am sin agus dhealródh go bhfuil Diarmuid le clos ar an táirge deiridh sin, é ag fliúiteadóireacht leis ar rian uathu dar teideal ‘Intro Crenaid Bain’. Gné iontach den leabhar is ea an idirthéacsúlacht den chineál so a bhfuil Seacht dTír Seacht dTeanga breac di. Is diamhair iad na coinicéir idirlín ar ar féidir imeacht ach Googláil a dhéanamh ar cheann de chogarthagairtí Dhiarmuda.

Le heachtra an chluiche fichille san Ungáir, meabhraíodh dom cluichí dár imríos féin i bhfochair an údair le linn dhúluachair dhomhain na dianghlasála cois teallaigh sa Bhruiséil. Bhíos féin i láthair, leis, nuair a deineadh Seacht dTír Seacht dTeanga a sheoladh i “nGaeltacht na Bruiséile” mar a thugann Diarmuid ar an bpobal san agus an ceart aige. Nuair a léas na sleachta Bruiséalacha sa leabhar, ní fhéadfainn gan cuimhneamh ar an bpearsa fhicseanúil ‘Gearailt’ in Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin: “B’fhearr leis go mór fada a bheith ag plé le hamhráin agus scéalta agus gnásanna traidisiúnta ná a bheith ag iarraidh Gaeilge na leabhar a chur ar imeachtaí Choimisiúin na hEorpa”.

Amhráin, scéalta agus gnásanna traidisiúnta is príomhchúram do Seacht dTír Seacht dTeanga gan dabht. Chomh maith leis sin, baineann an tagairt do Ghaeilge na leabhar go smior le cás Dhiarmuda agus tá gluais ar fad i gcúl an leabhair ina bhfuil míniú tugtha ag an údar ar a idióileict féin. An idióilect sin, is í an t-ochtú teanga amach as na seacht gcinn, b’fhéidir, agus is cuid den idióilect sin é an nós atá ag Diarmuid agus Tadhg araon ‘Coimisiún na hEorpa’ a thabhairt ar an institiúid dar ceart-teideal ‘An Coimisiún Eorpach’ inar chaith Diarmuid seal ina aistritheoir.

Ar éigean is féidir plé le hamhráin, scéalta agus gnásanna traidisiúnta i nGaeilge gan trácht a dhéanamh ar Oireachtas na Samhna, agus dá réir sin, tá léargas ag Diarmuid in Seacht dTír Seacht dTeanga ar ghné de dhraíocht an Oireachtais – seisiún focleolaíochta a bhí aige le Máirtín Ó Direáin ag Oireachtas na Ceathrún Rua inar phléigh an bheirt ciall an fhocail ‘dadhaic’. Léigh an leabhar duit féin le ciall an fhocail áirithe sin a fhoghlaim, agus déan freastal ar an Oireachtas an mhí seo chughainn le léargais mar é a tharraingt chughat féin! Cá bhfios ach go gcroithfeá lámh le Diarmuid buacach ann agus gradam Uí Shúilleabháin tugtha leis aige.

Níos mó