Tá sé fógartha ag Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, go bhfuil ceithre cheantar san Úcráin gafa, go mídhleathach, ag an Rúis agus gur cuid de chríocha na Rúise iad feasta.
Is í an ionghabháil seo an ghabháil críche is mó a rinneadh leis an lámh láidir ar chríocha san Eoraip ón dara cogadh domhanda.
I bPálás Mór na Creimile a tionóladh searmanas an tsínithe, síniú a rinne beag beann den dlí idirnáisiúnta a bheith a shárú. Is ar réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia a fógraíodh ceannas, réigiúin atá faoi smacht na Rúise cheana féin.
“Tá a rogha déanta ag an bpobal. Rogha nach féidir a shéanadh. Is é seo is toil leis na milliúin,” a dúirt an tUachtarán Putin. Beidh saoránaigh na gceithre réigiún gafa ina gcuid den Rúis “riamh agus choíche”, a dúirt sé.
Rinne Putin óráid a bhí lán feirge inar cháin sé an tIarthar agus mhaígh go raibh a gcinneadh déanta ag na daoine a bhí ina gcónaí sna réigiúin sin. ‘Cur i gcéill’ a thug dreamanna eile ar na ‘reifrinn’ a tionóladh.
Rinne Putin bagairtí eile faoin arm núicléach agus gealtanas á thabhairt aige go dtabharfaí ‘cosaint’ do na críocha úrghafa “leis an fórsa agus na bealaí ar fad atá againn”.
Sna cúpla lá seo romhainn a thabharfar faoin bpróiseas foirmeálta chun na réigiúin a thabhairt isteach i gCónaidhm na Rúiseach.
Is mór an géarú ar chogadh na Rúise san Úcráin an ionghabháil seo ar chríocha, cé nach bhfuil smacht iomlán ag an Rúis ar na críocha sin go léir.
Gheall Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go n-íocfadh an Rúis as an ionghabháil gan mhoill agus thionóil sé cruinniú éigeandála dá cheannairí cosanta agus slándála.
Tá os cionn 103,000 ciliméadar cearnach, nó thart ar 15% den tír ar fad, gafa ag an Rúis in oirthear agus deisceart na hÚcráine.
Is ar an gcaoi chéanna seo a ghabh an Rúis leithinis na Crimé in 2014, tar éis dóibh reifreann a thionól, ceann a cáineadh toisc gan é a bheith iontaofa.
Tuairiscíodh níos túisce inniu gur maraíodh is gur gortaíodh a lán sibhialtach nuair a rinne arm na Rúise ionsaí ar chonbhua sibhialtach in Zaporizhzhia. Ba léir ón sclaig mhór a bhí le feiceáil le taobh scuaine carranna gur ionsaí tromchúiseach a bhí ann.