![feile-na-carraige-2022](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F10%2F58568-feile-na-carraige-2022.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=abd316a0)
Féile na Carraige 2022
I mbliana beidh Féile na Carraige ag ceilúradh 10 mbliana ar an fhód.
Thosaigh an fhéile le hardán agus spás a thabhairt do mhuintir Iarthar Bhéal Feirste chun cruthaitheacht s’acu a léiriú, agus tá an fhéile ag dul ó neart go neart ó shin.Tá flúirse imeachtaí á reáchtáil ag foireann Glór na Móna i mbliana ó cheolchoirm go díospóireachtaí agus léachtaí agus achan imeacht bainteach le ceann de na téamaí: Páirteachas, Politíocht agus Pobal.
Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh, áit a raibh deis againn labhairt leis an Dr. Órla Nig Oirc agus Eoghan Ó Garmaile ó Glór na Móna. Labhair muid chomh maith leis an Ard-Mhéara Christina Black a dúirt go raibh sí féin bródúil as an fhoireann ar fad agus as an chlár imeactaí a chuir siad le chéile i mbliana.
Beidh an fhéile ar siúl go dtí Dé Sathairn 22 Deireadh Fomhair. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo agus is féidir an clár féin a íoslódáil leis an chód QR thíos.
.