Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Minimal Human Contact: dráma cumhachtach tráthúil

| Dáithí Anraí |

Dónall Mac Giolla Chóill

Níl focal curtha amú, níl focal a bharraíocht ann, tá gach focal fíor agus ón chroí, agus mar is dual leis an fhírinne, ní searbh amháin atá sí ach garbh leis.

Mar a bheifeá ag dúil leis ó duine de thríréad an ghrúpa ceoil Kneecap, tá Naoise Ó Cairealláin, a.k.a. Moglaí Bap, oilte sa scéalaíocht, bíodh sé ar ardán amharclainne nó i bPáirc na bhFál.

Ag pointí áirithe le linn an dráma, dá ndruidfeá na súile agus tú ag éisteacht le Seán T. Ó Meallaigh ag déanamh cur síos ar a thuras chuig casino i lár na cathrach, thiocfadh leat óna chuid focal amháin sráideanna salacha, suaracha Bhéal Feirste a shamhailt ar thráthnóna caidheach fliuch geimhridh.

Tá an oiread sin fuinnimh ag Ó Meallaigh – an t-aon aisteoir sa seó – agus an réimse chomh leathán sin aige go dtig leat na seanmhná a fheiceáil taobh amuigh den halla biongó.

D’aimsigh sé lárchanúint uirbeach dó féin, agus in ainneoin gur i gConamara a tógadh an fear céanna, thug sé guth inchreidte Feirsteach uaidh.

Thig amharc ar dhrámaí (maith dom an t-imeartas focal) mar shiamsaíocht, ach tá ról lárnach ag an amharclannaíocht mar uirlis oideachais shóisialta agus deis foghlama don tsochaí mhór.

Is minic le fada an lá ceisteanna sóisialta – mar shampla an t-alcólachas, drúgaí, mí-úsáid ghnéis, iompar frithshóisialta, coiriúlacht, scéimhleitheoireacht agus ceisteanna eile – á bplé ar ardán, ach is annamh a cuireadh ar mo shúile domh an dochar a bhaineann leis an aindúil sa chearrbhachas, dochar atá go fóill faoi cheilt ar go leor bealaí.

Bíonn an rian le feiceáil i gcás an alcóil agus na ndrúgaí go minic, tá an dochar sóiléir agus thig tabhairt faoi dá réir.

Ach nuair atá an tionchar a bhaineann leis an chearrbhachas folaithe, faoi cheilt mar a dúirt mé, agus an dochar sin ag ithe agus ag alpadh anam agus inchinn an duine ón taobh istigh, is furasta a thuigbheáil gur galar dofheicthe é an aindiúlacht áirithe seo.

Tá scéal ionraic cróga Uí Chairealláin, ina léiríonn sé a anam dúinn ar ardán, ríthábhachtach mar sin.

Níl léamh ná scríobh ar an líon daoine idir óg agus sean a bhfuil smacht ag an chearrbhachas orthu agus tá sé tábhachtach go mbeadh a leithéid de scéal ar fáil do ghlúin Gael a d’fhéadfadh titim faoi scáil na gcártaí agus na gcapall, na rothaí rúiléide agus na ngeallghlacadóirí.

Tá gnéithe closamhairc ag baint leis an seó aonair seo a chuireann go mór leis an eispéireas ar fad, a bhuíochas leis an dearthóir Mags Mulvey.

An spás beag sin a chuimsíonn an t-ardán, cuireann sé sráideanna agus na hionaid imeartha sin in iúl ar bhealach iontach.

An stiúradh a dhéanann Bríd Ó Gallchóir ar an seó a chuirtear os ár gcomhair, léiriú gan tuisle, máchail ná locht, léiriú láidir muiníneach – tá sé mar a bheifeá ag súil leis ó stiúrthóir a thugann faoi mhórcheisteanna a phlé chomh maith le siamsaíocht a chur ar fáil.

Seo mórléiriú na bliana ag Aisling Ghéar a tháinig fríd an phaindéim le léirithe nualaíocha ar líne agus a mhaireann go fóill beag ar bheagán.

Seo léiriú nualaíoch fíorúil arbh fhiú é a fheiceáil arís.

Nuair a chuaigh mise chuig an réamhléiriú Dé Luain bhí cara liom nach bhfuil Gaeilge ar a thoil aige – sea, bím i measc a leithéide uaireanta – agus dúirt sé liom ina dhiaidh go raibh an t-aistriúchán comhuaineach a bhí curtha ar fáil ag an aisteoir Francis Mezza “in sync”. Sin rud ar leith, tá mé a rá leat, mar dhuine atá ag cleachtadh na ceirde sin le breis agus fiche bliain, éacht atá ann gan aon amhras.

Ba chóir an dráma seo a thabhairt ar camchuairt náisiúnta, ba chóir é a chur sa tsiúl i ngach Gaelscoil sa tír, agus go mbeadh staidéar á dhéanamh air agus ar an téama tromchúiseach lena mbaineann sé sna ranganna a phléann le forbairt phearsanta an duine óig agus leis an fheasacht ar an mheabhairshláinte.

Tiocfaidh an lá a dhéanfar staidéar ar an dráma seo agus ar cheist an cearrbhachais agus na haindiúlachta, ar an dochar a bhaineann leis agus ar an féidearthachtaí atá ann teacht as agus maireachtáil beo.

Is mithid don lá sin a theacht. Faraor, do go leor daoine óga eile tá sé chéana féin rómhall.

Níos mó