Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
is-deacair-creistint-in-‘creidim-ionat’

Is deacair creistint in ‘Creidim Ionat’

| Maitiu O Coimin | ,

D’fhógair Foras na Gaeilge agus RTÉ inniu go bhfuil an feachtas “nuálaíoch augs comhoibríoch” a sheol siad os cionn míosa ó shin “ag tarraingt chun críche” anois agus go ndeachaigh an feachtas bolscaireachta ar son na Gaeilge “i bhfeidhm go náisiúnta agus ar fud an domhain”. 

Ach is deacair dom creistint in “Creidim Ionat”. Seoladh an feachtas ar an 17 Deireadh Fómhair agus é mar aidhm ag lucht a heagraithe “úsáid laethúil na Gaeilge” a chothú. Tá a dheireadh tagtha anois leis an ngné ba mhó den fheachtas – is é sin le rá go bhfuil an beart déanta ag an triúr mor le rá a bhí páirteach ann: Marty Morrissey, Michael Fry, agus Marissa Carter. Cé gur dócha gur éirigh leo aird éigin a tharraingt ar an nGaeilge, tá sé ag cinneadh ormsa mórthairbhe an fheachtais a fheiceáil. 

Maíonn Foras na Gaeilge gur ghlac an pobal ar líne ó gach cearn den chruinne páirt sa bhfeachtas agus go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine “i gcéin agus i gcóngar”. 

“Tá Creidim Ionat tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine i gcéin agus i gcóngar, le 4.3 milliún duine sroichte ar líne i dtrí thír is ochtó, a raibh de thoradh air trí mhilliún is ochtó imprisean agus 1.3 milliún amharc físeáin ar líne go dtí seo. 

“Ba é an aidhm leis an tionscnamh nuálach comhoibríoch feasacht leitheadach ar an nGaeilge a chothú. Ó seoladh é, tá an pobal agus daoine cáiliúla ag tacú le chéile le heolas, leideanna, agus spreagadh chun muinín a fháil le Gaeilge a labhairt,” a dúradh bpreasráiteas a d’eisigh an Foras inniu. 

Tá cuma an-mhaith ar na staitisticí sin, cinnte, ach an bhfuil tábhacht ag baint leo? Tuigeann muid uilig cén chaoi a n-oibríonn na meáin shóisialta agus cén chaoi ar féidir na cleasa a  bhaineann leo a úsáid le figiúirí móra a dhallann fógróirí agus lucht margaíochta a chur amach. Céard is brí le ‘duine a shroicheadh’ nó ‘imprisean’ ach gur tháinig do rud aníos ar an amlíne – cúpla uair i gcás na n-imprisean. Mar a chéile an scéal le ‘amhairc físeáin’ – thosaigh an físeán ag casadh ar leathanach baile duine.

Chaith mé súil ar an haischlib #CreidimIonat ar na hardáin éagsúla ar na meáin shóisialta agus bhí scéal eile ar fad ann, dar liom. Ní fhaca mé mórán cainte ón ngnáthdhuine ar an haisclib, agus sa gcorrchás a bhí sé in úsáid ag daoine nach bhfuil baint éigin acu leis an bhfeachtas, ba ag cur isteach ar chomórtais a bhí siad den chuid is mó. Ó bheith ag caint le cairde, idir cainteoirí laethúla Gaeilge agus cainteoirí Béarla, is beag duine a bhí ar an eolas faoin bhfeachtas fiú nó a thuig go díreach céard a bhí i gceist leis.

Bhí mé in amhras faoi luach Creidim Ionat fiú sular foilsíodh na staitisticí sin inniu, mar sin fágfaidh muid inár ndiaidh iad. Seo é an tríú nó an ceathrú feachtas Gaeilge dá leithéid ó RTÉ le mo chuimhne-se. Bhí mé i mo dhéagóir óg nuair a tháinig Turas Teanga amach, bhí mé beagáinín níos sine nuair a tháinig Des Bishop go Cois Fharraige leis an nGaeilge a fhoghlaim, agus bhí mé sa gcoláiste nuair a thosaigh Bernard Dunne an Bród Club

Tá an fhadhb seo ann i réimsí eile de shaol na Gaeilge: caitear airgead mór ar rud, déantar scéal mór de, tagann deireadh leis agus ní dhéantar anailís cheart ar na torthaí – agus cúpla bliain ina dhiaidh déantar an rud céanna arís as an nua. 

Fuair mé boladh an Gaelwashing ar an bhfeachtas an babhta seo agus mé cinnte go luafar Creidim Ionat i dtuarascáil éigin de chuid RTÉ faoi na rudaí móra maith atá déanta acu ar son na Gaeilge i mbliana. Is deas an brat é “4.3 milliún duine” le haighneas pá le hiriseoirí Raidió na Gaeltachta nó easpa cláracha Gaeilge ar an teilifís agus an raidió a chlúdach.

Feictear dom gurbh fhearr do RTÉ agus d’Fhoras na Gaeilge araon a gcuid acmhainní a chaitheamh ar thograí níos fiúntaí agus níos fadtéarmaí leis an nGaeilge a chur chun cinn ná ar fheachtais dá leithéid. Tá muid ag fanacht go fóilleach ar chlár popcheoil lán-Ghaeilge ar an RTÉ 2fm ó fógraíodh go mbeadh ceann ann i mí na Nollag 2015 (seacht mbliana ó shin). Is iomaí rud eile a d’fhéadfadh RTÉ a dhéanamh a “chothódh úsáid laethúil na Gaeilge” – idir rudaí a bheadh dírithe ar dhaoine gan Ghaeilge agus cainteoirí líofa araon.

Níor mhaith liom go gceapfaí gur ag tabhairt fogha faoi rannpháirtithe an fheachtais ar chor ar bith. Tá meas agam ar na triúr fostaithe de chuid RTÉ a bhí páirteach sa rud – Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn – agus ar na rudaí a dhéanann siad ar son na Gaeilge i réimsí eile dá ngairm. Agus tá meas agam ar an triúr eile a ghlac páirt ann freisin – Michael Fry, Marty Morrissey, agus Marissa Carter – as a n-aistear teanga a chur i gcrích agus as níos mó Gaeilge a úsáid ina gcuid oibre.

Níl ann ach nach bhfaca mé gur éirigh le Creidim Ionat a spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach – gnáthchainteoirí Béarla a chur ar thuras teanga dá gcuid féin agus tacú leo é sin a dhéanamh – agus go bhfuil snas lom corparáideach ar an rud ar fad. 

Níos mó