Maraíodh bean agus gortaíodh go dona beirt bhean eile nuair a bhuail carr in aghaidh daoine a bhí ag siúl i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Chorcaí.
Tharla an timpiste ag 1.10am maidin Dé Máirt.
Bean sna caogaidí a maraíodh. Tugadh a corp go dtí Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis.
Tugadh beirt eile, mná sna daichidí, go dtí an t-ospidéal chomh maith. Gortaíodh na bheirt go dona san eachtra, a dúirt na Gardaí.
Fear san daichidí a bhí ag tiomáint an chairr níor gortaíodh é ná na paisinéirí a bhí ina theannta.
Tá príomhshráid an bhaile Ghaeltachta dúnta agus scrúdú teicniúil le déanamh ar an láthair ag imscrúdaitheoirí fóiréinseacha imbhuailtí na Gharda Síochána.
Tá iarrtha ag na Gardaí ar aon duine a chonaic an eachtra teacht chun tosaigh.
Is féidir le duine ar bith a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i Maigh Chromtha ag (026) 20590, nó le stáisiún ar bith eile, nó glaoch ar líne rúnda na nGardaí, 1800 666 111.