Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘bheartaios-an-t-am-a-chaitheamh-ag-leamh-leabhar-in-ionad-ceannteidil-instagram’

‘Bheartaíos an t-am a chaitheamh ag léamh leabhar in ionad ceannteidil Instagram’

| hannah ni chonghaile | ,

Ag tosach na bliana 2022, scríobh mé síos rún amháin. Bhí sé mar aidhm agam 52 leabhar a léamh sa bhliain. Leabhar in aghaidh na seachtaine. Nuair a bhíos óg, léifinn leabhar in aghaidh an lae, gan aon stró. Ba chuma liom an teilifís. Sa lá atá inniu ann, cé nach maith liom fós an teilifís, bímid ar fad sáite sna gutháin phóca. Tosnaíonn tú ag féachaint ar Instagram nó Twitter agus an chéad rud eile, tá uair an chloig caite agat air. Agus cad chuige? Tuigim go bhfuil sé go maith chun bheith ar an eolas fén méid atá ar siúl sa domhan agus ag do chairde, ach cur amú ama is ea é ana-mhinic. 

Mar sin, bheartaíos mo chuid ama a chaitheamh ag léamh leabhar, in ionad giolcanna agus ceannteidil Instagram a léamh. Go dtí seo tá 64 leabhar léite agam i mbliana, agus le cúpla lá fágtha sa bhliain táim ag súil go gcríochnóidh mé suas le 66. Ní hé nár chaitheas am ar líne, ach chaitheas i bhfad níos lú de. Ag smaoineamh siar, ritheann sé liom nár thóg sé puinn ama as mo lá, i ndáiríre, ach tá iliomad buntáistí tugtha fé ndeara agam. 

An chéad rud a ritheann liom ná an difear idir leabhar a léamh agus féachaint ar scannán. Deirtear go minic, agus tá sé ráite agam féin, go mbíonn comhbhá ag daoine a léann ana-chuid leabhar. Tá ciall leis, nuair a chuimhníonn tú go mbítear ag faire ar scannán ón dtaobh amuigh isteach. Bíonn príomhcharachtar ann, cinnte, ach bíonn radharc níos leithne agat ar an méid atá ag titim amach. 

Nuair a bhíonn leabhar á léamh agat, níl aon slí eile chun mothúcháin a chur in iúl ag an scríbhneoir ach le focail. Mar sin, caithfimid mar léitheoirí dul tríd na mothúcháin chéanna. Mothaímid an brón, an bhuairt, an díomá céanna is a mhothaíonn na carachtair. 

Mar sin, nuair a théann tú amach sa tsaol agus buaileann tú leis na mothúcháin seo, bíonn tuiscint níos fearr agus níos leithne agat orthu. Tá luach nach beag ag baint leis seo. 

Thugas fé ndeara go bhfuil an léitheoireacht díreach ar nós aon rud eile. Scil is ea í, agus dá mhinice a dheineann tú é, is ea is fearr é. Ag tosach na bliana bheinn ag léamh timpeall caoga leathanach in aghaidh na huaire (d’úrscéal éadrom, as Béarla) agus anois táim ag léamh timpeall nócha. Anuas ar sin, faighim go bhfuilim in ann díriú isteach ar leabhair atá níos troime gan an dua céanna a thóg sé nuair a thosnaíos amach. Tá mo chuid fócais i bhfad níos fearr, ní hamháin nuair a bhaineann sé leis an léitheoireacht féin ach ar obair agus i gcomhráite le cairde leis.  

Dheineas iarracht i bhfad níos mó ábhar Gaelainne a léamh i mbliana agus sa deireadh tá 32 leabhar as Gaelainn léite agam. Tá feabhas tagtha ar mo chuid Gaelainne scríofa, go háirithe ó thaobh gramadaí agus litrithe de. Táim fós mall ag léamh as Gaelainn ach ba é an tslí is fusa a thriaileas riamh feabhas a chur ar mo chuid Gaelainne. Codlaím níos fearr toisc ná caithim an oiread san ama ar scáileáin leis.

Rud gníomhach is ea an léitheoireacht, agus rud neamhghníomhach is ea faire ar scannán nó sraith Netflix. Fad is atá tú ag baint taitnimh as scéal a léamh, tá tú ag déanamh maitheasa dod’ intinn. Nílim ag rá gur chóir éirigh as na scannáin, ach mholfainn go mór cúpla leabhar atá ar na seilfeanna a thógaint anuas agus a thosnú, in ionad trí uair a chloig sa lá a chaitheamh ar Instagram. Is fiú go mór é!

Níos mó