Ba chóir cothú éirí amach agus cúiseanna coiriúla eile a chur i leith iaruachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump, a deir an coiste comhdhála a rinne fiosrúchán faoi chíréib an Chaipeatóil.
Seo an chéad uair gur mhol Comhdháil na Stát Aontaithe go gcuirfí an dlí ar iar-uachtarán.
Shocraigh baill an choiste le vóta d’aon ghuth gur cheart don roinn dlí agus cirt Trump a thabhairt os comhair na cúirte.
Ar an 6 Eanáir 2021, rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól in Washington DC fad is a bhí na baill istigh tagtha le chéile chun a mbeannacht a thabhairt do bhua Joe Biden sa toghchán uachtaránachta.
Thug an coiste, a bhfuil na daonlathaigh i gceannas air, 18 mí i mbun fiosrúcháin faoi eachtraí na círéibe.
Mhol an coiste go gcuirfí ceithre chúis i leith Trump mar gheall ar a ról sna heachtraí.
Ba iad na cúiseanna sin, cothú nó tacú le héirí amach; bac a chur ar phróiseas oifigiúil; comhcheilg ar mhaithe le calaois a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá; agus comhcheilg ar mhaithe le ráiteas bréige a dhéanamh.
Thaispeáin an coiste mír físe nua chomh maith de Hope Hicks, iarchúntóir de chuid Trump, ag trácht ar a dhiúltú géilleadh gur chaill sé an toghchán.
Ón uair a bhuaigh Joe Biden an toghchán chloígh Trump go docht i gcónaí leis an mbréag go raibh toradh an toghcháin mídhlisteanach.
Ar an 6 Eanáir 2021 thug lucht agóide aghaidh ar Chnoc an Chaipeatóil i ndiaidh do Trump óráid a thabhairt inar mhaígh sé arís gur toghchán calaoiseach a bhí ann.
Dar le Trump nach bhfuil aon ní mícheart déanta aige, agus deir sé nach bhfuil sa choiste “ach cúirt bhradach”.
Ní gá don roinn dlí agus cirt glacadh le moladh an choiste go gcuirfí an dlí ar Trump.
Dá roghnódh an roinn an dlí a chur ar Trump ba é an chéad uair é go dtabharfaí iar-uachtarán os comhair na cúirte ar chúiseanna feidearálacha.
Tá abhcóide speisialta, Jack Smith, ceaptha roimhe seo ag an Ard Aighne, Merrick Garland chun aon chúiseanna i leith Trump agus daoine eile a fhiosrú.
Gníomh ‘siombalach’ cuid mhór atá déanta ag an gcoiste, ach dúirt a gcathaoirleach, Bennie Thompson, Daonlathach as Mississippi, gur “mapa bóthair” a moladh a thaispeánann cá bhfuil “an chóir” ar fáil.