Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ni-bheadh-deabhadh-orm-an-nollaig-a-chaitheamh-gan-mo-theaghlach-agus-cairde-arist’

‘Ní bheadh deabhadh orm an Nollaig a chaitheamh gan mo theaghlach agus cairde aríst’

| hannah ni chonghaile | ,

Ag druimid le haimsir na Nollag, cuireann sé ag cuimhneamh mé ar an Nollaig a chaitheas in Austin, Texas, in 2019. Bhíos tar éis bogadh sall im’ aonair agus ní rabhas pioc buartha go mbeadh an Nollaig á caitheamh agam go haonarach. 

Bhí roinnt mhaith buanna ag baint le bheith thar lear don Nollaig. Ní raibh orm pá na míosa a chaitheamh ar chóisirí na Nollag le daoine leadránacha a thógann an mála tae deireanach maidin Dé Luain agus a ligeann orthu nár thóg. Ní raibh orm seacht míle bronntanas Kris Kindl a cheannach do dhaoine ná fuil puinn aithne agam orthu seachas go gcaitheann muid toitíní i ngan fhios dá chéile. 

Agus, nuair atá tú tar éis bogadh go Meiriceá, ní chuimhíonn éinne go deo go bhfuil tú chun bronntanais Nollag a sheoladh abhaile. Ach oibríonn sé seo an dá shlí – oiread is pacáiste amháin ní bhfuaireas roimis na Nollag in Austin. Tháinig pacáiste ó mo mham, ná tuigeann in aon chor cé chomh fada ó Éirinn is atá Texas, cúpla lá i ndiaidh na hathbhliana. Buíochas le Dia bhí sé lán le seacláid, rud ná fuil fáil cheart air sna Stáit in aon chor.

An rud is fearr, b’fhéidir, ná nach raibh orm labhairt leis na daoine a bhíonn timpeall um Nollag. An aintín a thugann fé ndeara, go m’fhéidir, dá raghainn ar aiste biago mbeinn in ann fear a fháilt roimis an Nollag seo chugainn. Ag caint ar bheith ar aiste bia, ní bhfuaireas an bia thar mholadh beirte in aon chor in Texas. Seachas, nuair a bhlaiseas corny-corn. Fomhias a deintear um Nollaig as arbhar milisagus rudaí eile. N’fheadar cad a bhí istigh ann, agus ní theastaíonn uaim fáilt amach. 

Cé go raibh an-am agam thar lear, n’fheadar an mbeadh deabhadh orm an Nollaig a chaitheamh gan mo theaghlach agus mo chairde aríst. Ní raibh mo chairde sásta ná rabhas tar éis teacht abhaile i ngan fhios d’éinne, ach dá mbeinn tar éis imeacht abhaile, n’fheadar an n-éireoidh liom na daoine ag baile a fhágaint aríst! Tá cultúr iomlán éagsúil i Meiriceá, agus cé go bhfuil pobal láidir Éireannach in Austin, níor bhuaileas le oiread is Gael amháin eile ann. Mar sin, níor labhraíos focal Gaelainne a fhad is a bhíos thall, agus aimsir na Nollag fuaireas mé féin ag cuardach amhráin Nollag Gaelainne ar YouTube chun go mothóinn an spiorad féiliúil. 

Chaitheas an Nollaig le teaghlach pháirtí mo chomrádaí tíIs é sin, í féin, a cailín, máthair agus seanmháthair a cailín, chomh maith le comharsa leo agus a muc ghuinear choimeád an chomharsa ar a glúin é ar feadh an dinnéir. Is maith liom ainmhithe, ach ní féidir liom déileiíl le lucha d’aon shórt, go háirithe nuair is ceann ollmhór é agus é ag stánadh idir an dá shúil orm trasna an bhoirdNí bhfaighfeá a leithéad de rud in Éirinn, deirimse leat. Ach níorbh ansan ach fadhb bheag. 

Cheapas go raibh m’aintín ramhar-fóbach go dona ag baile! Poblachtánaigh ab ea iad an mháthair, an tseanmháthair agus an chomharsa ag bord na Nollag in Austin. Leispiaigh liobrálacha ab ea iad an bheirt eile. Níl aon chomhcheangal polaitiúil againn ag baile agus ní raibh aon taithí agam bheith suite idir daoine Lá Nollag a chreideann go dlúth in a mhalairt d’idé-eolaíochtaí. 

Níor thuigeas i dtosach cad a bhí laistiar dosna ceisteanna a bhí á gcur ag an tseanbhean orm. An Caitliceach mé? Cad a cheapaim fé seo agus siúd, agus ansan na ceisteanna cosantachta ó pháirtí mo chomrádaí bhoicht tí mar gheall ar an bpósadh comhghnéis agus an ginmhilleadh a bheith dleathach in Éirinn. 

D’itheas suas mo chorny corn agus d’ólas siar an fíon a bhí tugtha agam dóibh mar bhronntanas. D’éirigh sé an-achrannach nuair a dúirt cailín mo chomrádaí tí ag rá gur chóir go mbeidís in ann a chéile a phósadh dá dteastódh uathu (rud a aontaíom leis gan amhras), agus nuair a d’fhreagair  an tseanbhean gur rud mínádúrtha an homaighnéasacht. D’imíos nuair a tháinig fear chéile nua na máthar abhaile, Stetson agus buataisí buachaill bó á chaitheamh aige. Deinim amach go dtitfeadh sé ar an dtaobh Poblachtánach den argóint áirithe san. 

Chuas abhaile an lá san ar an mbus. Ní stopann aon rud lá Nollag in Texas, agus mar is gnách in Austin bhí gach aon saghas duine ar an mbus. Labhras le bean dheas gan dídean a mbínn ag labhairt léi go minic ar an mbus céanna. Bhí sí ag tabhairt amach mar gheall ná raibh cuid desna siopaí oscailte. Luas gurbh í an Nollaig í , agus d’inis sí dom gur scéim í an Nollaig chun go gcoimeádfaidh an rialtas smacht ar na saoránaigh. 

Gan dabht, ba é an Nollaig ba neamhghnáiche a chaitheas riamh. Nuair a shroicheas an baile, chuas ar FaceTime le mo theaghlach, agus le roinnt dem’ chairde. Bheadh éitheach á insint agam dá ndéarfainn nár ghoileas aon deoir tar éis na cistineacha ag baile a fheiscint sa chúlra. Tá rud éigint speisialta ag am Nollag in Éirinn, is í an t-aon uair a dheineann gach éinne iarracht a bheith le chéile agus a bheith go deas. Bíonn béilte agus cístí speisialta againn agus cuimhnímid ar na daoine ná fuil anseo a thuilleadh chun í a chéilliuradh inár dteannta. 

Ón méid a chonacsa in Austin, tá i bhfad níos mó do spiorad na Nollag le braistint sa tír seo. 

Níos mó