Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Aire a thabhairt dár meabhairshláinte ag tús na bliana

| Dáithí Anraí |

Katie McGreal

Is am deacair den bhliain é seo do go leor againn. Tá an Nollaig thart, tá an aimsir gránna agus na laethanta gearr agus, do roinnt againn ar aon nós, níl mórán fágtha sa chuntas bainc ach oiread!

Anuas air sin ar fad, cuireann comhlachtaí, fógraí, na meáin shóisialta agus eile níos mó brú orainn rudaí nua a thosú nó rudaí a dhéanamh le muid féin a fheabhsú.

Anseo thíos tá cúpla nod a chabhróidh leat a chinntiú go bhfuil tú ag tabhairt aire do do mheabhairshláinte le linn na míosa deacra seo:

1) Faigh aer úr gach lá trí bheith ag dul amach faoin spéir. Bhí an chéad Luan ar ais ag obair ag tús mhí Eanáir an-deacair domsa agus do dhaoine eile freisin, tá mé cinnte. Ach dá mba rud é go ndeachaigh mé amach an chéad rud ar maidin, mar a bhí mé beartaithe agam, mhothaínn i bhfad níos fearr. Tugann an t-aer úr fuinneamh breise duit agus cuireann sé i gcuimhne duit go bhfuil tú go fóill beo – go háirithe ag an am seo bliana leis an mbáisteach, na clocha sneachta agus an ghaoth! Geallaim duit go mothóidh tú níos fearr i ndiaidh siúlóide, fiú má tá sé fliuch agus gránna taobh amuigh. Beidh tú in ann na héadaí a athrú nuair a thagann tú ar ais!

2) Ól go leor uisce. Tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar uisce a ól ach tá an corp déanta as uisce thar aon rud eile agus mar sin tá sé an-tábhachtach go leor uisce a ól. Má bhíonn sé deacair duit uisce a ól leis féin cuir píosaí beaga torthaí isteach ann. Cabhróidh sé leat má tá buidéal agat is féidir leat a iompar thart leat don lá agus ansin beidh a fhios agat cé mhéid uisce atá ólta agat. Má mhothaíonn do chorp níos sláintiúla mothóidh d’intinn níos sásta agus níos sláintiúla freisin.

3) Bog gach lá. Déan aclaíocht nó téigh ag siúl nó déan cúpla síneadh ióga gach uile lá – fiú ar feadh 10 nóiméad, déanfaidh sé maitheas do d’intinn agus do do chorp. Caitheann an chuid is mó againn níos mó ama inár suí ná ag déanamh aon rud eile agus deirtear anois go bhfuil an suí síos chomh dona céanna le tobac a chaitheamh. Más rud é gur féidir leat 10 nóiméad a chaitheamh ag damhsa thart ar an gcistin nó ag siúl go sciobtha taobh amuigh, mothóidh tú maitheas agus feabhas i d’intinn.

4) Cleachtaigh aireachas. Ní féidir liom liosta mar seo a chur le chéile gan an cleachtas seo a lua. Molaim do gach duine aireachas a thriail agus, má tá tú ag tosú amach leis, molaim duit freastal ar rang. Ní rud éasca é an t-aireachas mar sin má bhíonn daoine eile thart ort i rang beidh níos mó seans ann go leanfaidh tú leis. Cé go bhfuil an t-aireachas deacair, go háirithe nuair atá tú ag tosú, is fiú go mór é a dhéanamh. Cabhraíonn sé chun strus agus buaireamh a laghdú, is féidir leis an codladh a fheabhsú agus cuireann tú aithne níos fearr ort féin dá réir. Má bhíonn duine amháin sa teach ag cleachtadh aireachais mothaíonn an chuid eile den teach é. Tá go leor físeán ar YouTube nó ar an aip Insight Timer a chabhróidh leat, nó féadfaidh tú scéal a chur chugamsa agus is féidir liomsa cabhrú leat tús a chur le do chleachtadh freisin.

5) Nuair a labhraíonn tú leat féin samhlaigh go bhfuil tú ag labhairt leis an gcara is fearr agat. De ghnáth bíonn muid an-chrua orainn féin, níos crua ná a bheadh muid ar chara agus, mar sin de, an mhí seo, gach uair a chloiseann tú tú féin ag rá rudaí nach bhfuil deas leat féin nó má tá tú ag streachailt, smaoinigh ar céard a dhéarfá le do chara is fearr dá mba rud é go ndeachaigh siad chugat leis an bhfadhb atá i gceist. Bíonn muid i bhfad níos deise le daoine eile ná a bhíonn muid linn féin agus an mhí seo go háirithe tá mé ag iarraidh go mbeidh tú cineálta leat féin. Tá tú ag déanamh do dhíchill agus sin an méid ar féidir leat a dhéanamh!

Níos mó