Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dualgas-le-cur-ar-chomhlachtai-stait-glacadh-leis-an-sineadh-fada-roimh-dheireadh-na-bliana

Dualgas le cur ar chomhlachtaí stáit glacadh leis an síneadh fada roimh dheireadh na bliana

| Tuairisc.ie | ,

Beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a litriú i gceart roimh dheireadh an fhómhair agus a plean do chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua leagtha amach ag Roinn na Gaeltachta.

Ó ritheadh an reachtaíocht nua ag deireadh 2021, cuireadh roinnt de na forálacha atá inti i bhfeidhm – tá dualgas curtha ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge, mar shampla – ach tá formhór na bhforálacha nua san acht fós le feidhmiú.

Dúirt Aire Stáit nua na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, le Tuairisc an tseachtain seo caite go raibh sé ag iarraidh go mbeadh gach foráil sa bhille achtaithe roimh dheireadh na bliana agus tá spriocanna nua fógartha ag a Roinn do bheagnach na forálacha eile go léir.

Tá sé i gceist ag an Roinn feidhm a thabhairt do 13 den 16 Alt atá fós le cur i bhfeidhm roimh lár an tsamhraidh, ach is amach sa bhfómhar a fheicfear roinnt dualgas á gcur ar chomhlachtaí stáit maidir leis an bplé a bhíonn acu leis an phobal.

Faoin sceideal tosaithe atá fógartha ag an Roinn tá sé mar sprioc cumhacht a thabhairt ar an 31 Deireadh Fómhair don fhoráil san Acht a leagann amach go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada agus a chinntiú gur féidir leis an bpobal ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a úsáid i gceart.

Faoin bhforáil chéanna, beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí foirmeacha a chur ar fáil i nGaeilge nó ga dátheangach agus caithfidh lógónna comhlachtaí poiblí a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh ainm aon chomhlacht poiblí a bhunófar i ndiaidh an dáta seo i nGaeilge freisin.

Tabharfar feidhm an lá céanna d’fhoráil a deir go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí freagra i nGaeilge a thabhairt ar aon chumarsáid a dhéanfar leo i nGaeilge, cumarsáid ar na meáin shóisialta ina measc, agus go mbeidh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Is ar an 15 Márta a chuirfear tús le feidhmiú na bhforálacha eile, a deir Roinn na Gaeltachta. Tá sé mar sprioc scata leasuithe ar Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm an lá sin, forálacha a bhaineann le cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga ina measc.

Faoin reachtaíocht nua, beidh cumhacht ag an gCoimisinéir monatóireacht a dhéanamh ar achtanna eile a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge. Roimhe seo, mar shampla, chaithfeadh sé gearán a fháil ón bpobal faoi shárú a bheith déanta ar an Acht Craolacháin nó an tAcht Oideachais chun go bhféadfadh sé an scéal a fhiosrú.

Tabharfar isteach an lá céanna na forálacha a bhaineann le córas nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit chórais na scéimeanna teanga. Faoi chóras na gcaighdeán, leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. Mar shampla, bheadh níos mó dualgas ar an nGarda Síochána agus na Coimisinéirí Ioncaim ná mar a bheadh ar Oifig an Ard-Aighne nó Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ar beag an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Ag deireadh mhí Aibreáin, tabharfar feidhmiú d’fhorálacha a bhaineann le ceapachán oifigeach i gcomhlachtaí poiblí a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chomhlacht chomh maith le foráil eile a fhágfaidh go gcaithfidh na fógraí a eisítear chun duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir a bheith dátheangach.

Tá sé mar sprioc An Coiste Logainmneacha a bhunú ag deireadh mhí Bealtaine. Tabharfaidh an coiste comhairle a thabhairt don Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh agus déanfaidh sé taighde, nó déanfaidh sé taighde a choimisiúnú, i ndáil le logainmneacha.

Foráil amháin sa reachtaíocht nua nach bhfuil spriocdháta luaite léi. Ach deir an Roinn nach féidir an ceann áirithe sin, a bhaineann le haisghairm a dhéanamh ar fhorálacha sa phríomh-acht, a fheidhmiú go dtí go mbeidh gach caighdeán teanga aontaithe.

Anuas air seo uilig, tá beartaithe ag an Roinn feachtas feasachta mór a reáchtáil sa chéad leath den bhliain i mbliana ag díriú ar na deiseanna fostaíochta sa státseirbhís agus san earnáil phoiblí do chainteoirí Gaeilge.

Is í príomhsprioc na reachtaíochta ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí roimh dheireadh 2030.

Tá i gceist go ndéanfar feachtas feasachta rialta, uair sa bhliain nó mar sin, a reáchtáil chun daoine a chur ar an eolas faoi na cearta teanga nua sa reachtaíocht.

Tá Roinn na Gaeltachta ag féachaint ar scéimeanna printíseachta agus intéirneachta a chur ar fáil chomh maith ar mhaithe leis an sprioc 20% a bhaint amach.

Níos mó